Sladmhargadh!

Dánta déanta

Dánta faoi ainmhithe a scríobh an file i gcomhar le páistí ó shé bhunscoil i Múscraí. (Aois 8-10)

3.00

Stoc ar fáil

Cnuasach dánta scríofa ag an údar i gcomhar le páistí ó shé bhunscoil i Múscraí le linn a thréimhse mar scríbhneoir cónaithe ann sa bhliain 2005. Téama ainmhithe atá sna dánta. Tá siad oiriúnach le léamh sa bhaile agus sa seomra ranga. (Aois 8–10)

Meáchan 250 g
Léaráidí le

Olivia Golden

Leathanaigh

44

Foilsithe

2005

Archaeology Ireland – Márta 2006

Toradh ar thréimhse a chaith an file mar scríbhneoir cónaitheach i sé bhunscoil i Múscraí an bhliain seo caite atá sa chnuasach seo. Deirtear gur scríobh an t-údar na dánta i gcomhar leis na daltaí scoile. Nach méanar do na scoláirí sin saothrú chomh healaíonta, deisbhéalach, taitneamhach a bheith curtha ina láthair! Seo scríbhneoireacht do leannaí ar an gcaighdeán is airde, ionchurtha le saothar Desnos na Fraincise nó Roald Dahl an Bhéarla. Ní gá a bheith i do leanbh le barr taitnimh a bhaint as na dánta seo. Mar bharr mhaise tá na léaráidí gleoite, rud nach féidir a rá faoi gach foilseachán a dhírítear ar an aos óg.


Foinse – 24 Meán Fómhair 2006

Ghlac Liam Ó Muirthile le cuireadh ó ionad Cultúrtha Baile Bhuirne a bheith ina scríbhneoir cónaitheach i gceantar Mhúscraí, Co. Chorcaí ag tús na bliana 2005 agus is toradh chuid oibre le daltaí ó shé bhunscoil sa cheantair an saothar gleoite deas seo. Is féidir comhtháthú a ngutha a chloisteáil sna dánta: soineantacht shimplí na bpáistí agus teanga snasta fhileata an fhile snoite le chéile chun filíocht úr ghreannmhar a thabhairt dúinn. Cruitheann Ó Muirthile agus leanaí Mhúscraí íomhánna iontacha lán de bheocht dúinn anseo agus léiríonn siad iad le rithim agus rím tógálach sna dánta. D’fhéadfaí giotaí ón gcnuasach seo a léamh os ard sa seomra ranga nó sa bhaile chun éinne a ghríosadh chun smaointe agus scríobh.