Siobhán McNamara, Inis, Samhradh 2014
Tá Liam óg ar a theitheadh. Níl sé ach dá bhliain déag d’aois, ach tá sé braon d’argóintí a thuismitheoirí agus d’fhoiréigean a Dhaid. Agus é ar an traein go Baile Átha Cliath, buaileann sé le seanfhear atá ar a theitheadh chomh maith. Tá a bhean chéile tar éis bás a fháil, agus tá a pháistí tar éis é a chur i dteach altranais, áit nach dtaitníonn leis ar chor ar bith. Cuidíonn an seanfhear le Liam an dallamullóg a chur ar fhear na dticéad, atá amhrasach faoi bhuachaill chomh beag sin a bheith ag taisteal ina aonar. Deir an seanfhear gur eisean Daideo Liam, agus tosaíonn cairdeas idir an bheirt teifeach. Insíonn siad a scéalta truamhéalacha dá chéile, ach an mar a shíltear a bhítear? Leabhar gairid é seo a fhaigheann greim ar an léitheoir. Chuirfeadh sé dráma aonghnímh i gcuimhne; níl ann ach trí phearsa agus tarlaíonn an t-aicsean go léir laistigh de thréimhse ghairid. Thaitneodh an leabhar le léitheoir ar bith a bhfuil suim aige nó aici sa tsíceolaíocht, agus bheadh sé thar a bheith oiriúnach mar úrscéal ranga le daltaí 12-14 bliain d’aois a bhfuil ardchaighdeán Gaeilge acu. Níl sé rófhada, tá an plota simlplí gan a bheith leadránach, agus úsáidtear teanga shaibhir ach shoiléir. Pléitear téarmaí ann a bhaineann le saol daoine óga sa lá atá inniu ann, agus, gan an deireadh a nochtadh, scéal rabhaidh atá ann a mhúineann ceacht an-úsáideach faoi bheith ag caint le stainséirí. 12-14
Eachtra pinn Áine faoi scéal comhaimseartha, The Irish Times, 30 Lúnasa 2014
Seanduine eile ach seanathair atá le fáil i leabhar nua, Áine Ní Ghlinn, Daideo (Cois Life, €6). Scéal gasúir óig atá ag teitheadh óna thuismitheoirí atá ann agus seanduine atá ag iarraidh éalú óna pháistí féin. Castar ar a chéile iad, éisteann siad le chéile ach cén toradh a bheidh ar an chumann úr seo agus iad ag taisteal ar an traein go Baile Átha Cliath? Oiread chéanna le Standún, is fada Ní Ghlinn i mbun pinn agus tá a chuid féin déanta aici de scríbhneoireacht na n-óg. Tá ceithre chnuasach filíochta agus 18 leabhar do dhéagóirí agus go léitheoirí óga scríofa aici. Bhain an leabhar áirithe seo duais Oireachtais na Gaeilge sa bhliain 2013.
Róisín Adams, Comhar, Meán Fómhair 2015
‘Léigh mé an úrscéilín seo d’aon racht chraosach amháin. Sin teist ar scéal maith. Agus scéal maith atá ann, leoga.’ Léigh an chuid eile den léirmheas in An Tuairisceoir ‘Is go fíoréifeachtach a léiríonn Ní Ghlinn faitíos an bhuachalla óig agus é ag iarraidh cuma shoineanta neamhbhuartha a chur air féin.’ Is minic a bhíonn plé i léann litríocht na n-óg ar leabhair nach féidir a rangú go héasca mar ‘leabhair do pháistí,’ toisc go bhfuil rud éigin iontu a mheallann daoine fásta le hiad a léamh freisin. Is samplaí cáiliúla den chineál sin téacs iad sraitheanna J.K. Rowling agus Suzanne Collins, nó clasaicigh ar nós Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas le Lewis Carroll agus An Prionsa Beag le Antoine de Saint-Exupéry. Is cinnte go mbíonn leabhair dá sórt sa Ghaeilge freisin, leabhair a scríobhtar go príomha don aos óg ach ar minic a léann daoine fásta iad. Feictear dom, áfach, gur iondúil a tharlaíonn a leithéid, go háirithe i gcás aistriúchán, le scéalta a bhfuil ábhar iontu a shamhlaítear le daoine óga – eachtraíocht, draíocht, carachtair óga – ach gur fearr a oireann an teanga iontu do léitheoirí fásta sa lá atá inniu ann. Bíonn sé sin i gceist sa Bhéarla agus i dteangacha eile freisin – is cinnte go mbeadh deacrachtaí ag go leor léitheoirí óga inniu leis an mbunleagan de Eachtraí Eilíse, cuir i gcás – ach is iad na scéalta is fearr do dhaoine óga, dar liomsa, ná leithéidí An Prionsa Beag, a léiríonn nach ionann castacht teanga agus dea-scéalaíocht, agus gur féidir scéal taitneamhach cumhachtach, a bhfuil ábhar machnaimh ann, a chumadh i dteanga atá simplí agus soléite. Is annamh a fhaightear a leithéid siúd sa Ghaeilge, ach is é sin atá againn in Daideo le hÁine Ní Ghlinn.
Is leabhar gearr é Daideo , níos giorra ná cuid mhaith de na gearrscéalta atá againn sa Ghaeilge. Níl ach fad aistear traenach ann, aistear ó áit éigin faoin tír suas go Baile Átha Cliath, agus buachaill óg darb ainm Liam ar a theitheadh ó fhadhbanna tromchúiseacha ag an mbaile. Is scéal mealltach é, in ainneoin a ghiorrachta, agus ó thús tobann go deireadh tobann ní scaoileann sé a ghreim ort agus tú ag cur aithne ar Liam agus ar a ‘Dhaideo’ nua – seanfhear corr cneasta atá ar a theitheadh freisin, agus a thagann i bhfóir ar Liam ar an traein. Déanann Ní Ghlinn ábhair íogaire – foréigean teaghlaigh, an bás, meath na seanaoise agus drochíde i dtithe altranais – a láimhseáil go tuisceanach, agus cuirfidh comhrá na beirte teifeach seo tocht ort. Is fíordheacair aon chuid eile de phlota an scéil a phlé gan an chríoch a lot ar an léitheoir, agus is leasc liom go mór é sin a dhéanamh ós críoch í nach raibh mé féin ag súil léi in aon chor. Mar sin, is ar chúrsaí stíle a dhíreoidh mé anseo.
Bua mór de chuid an leabhair seo ná a shnasta is a shnoite is atá an prós ann, agus a fheabhas is a oireann sé don scéal. Ní chuireann Ní Ghlinn oiread is focal amú san insint, agus tá a rian ar an téacs go ndearna sí machnamh domhain ar gach abairt, dá ghonta í. Agus is lán le habairtí gonta atá an scéal seo – chun an léitheoireacht a éascú don duine óg, ach chomh maith leis sin mar theicníc chun atmaisféar an scéil a chruthú – turas traenach lán teannais. Tosaíonn an scéal agus fear na dticéad ag cur ceisteanna ar an bpríomhcharachtar, Liam, ag iarraidh a fháil amach an bhfuil duine fásta ar bith in éineacht leis. Tá a fhreagra réidh ag Liam, go bhfuil a mháthair sa chéad charráiste eile ag caint le cara dá cuid, ach is féidir leis an léitheoir suaitheadh agus imní an bhuachalla a mhothú trí na smaointe borba buartha a sciorrann trína intinn, agus é ag déanamh iarrachta smaointe an fhir a mheas, agus ag cuimhneamh ar chomhairle carad – ‘Bíodh an scéal inchreidte. Inchreidte, ach gan dul thar fóir.’ Imíonn fear na dticéad, nó an ‘éide dhubh’ mar a thugann Liam air ina intinn, ach tá Liam cinnte go bhfuil ruainnín amhrais air fós, rud a chuireann lena mhíshuaimhneas agus a mhéadaíonn ar theannas an scéil.
Is go fíoréifeachtach a léiríonn Ní Ghlinn faitíos an bhuachalla óig agus é ag iarraidh cuma shoineanta neamhbhuartha a chur air féin sa suíochán, ach é leathchinnte go bhfuiltear ar tí breith air, go háirithe sa sliocht seo a leanas: Taobh amuigh bhí páirceanna ag sciorradh thar bráid. Páirceanna glasa, páirceanna buí, páirceanna glasa, páirceanna buí. Mar a bheadh rithim na traenach féin. Mar a bheadh ceol na rothaí. Dhún sé a shúile agus d’éist. Páirceanna glasa, páirceanna buí. Páirceanna glasa, páirceanna buí. Chuala Liam na doirse á n-oscailt arís. Á ndúnadh. Faitíos air a shúile a oscailt. Coiscéimeanna ag teacht ina threo. D’athraigh ceol na rothaí. Éide dhubh. Éide dhubh. Amhrasach. Amhrasach. Éide dhubh. Amhrasach. Bheadh sé fánach aige rith. Bheadh an lámh ar a ghualainn soicind ar bith. A chroí ina bhéal arís. Cos. Cos eile. Cos. Cos eile. Shiúil na coiscéimeanna thairis. Gnáthphaisinéir ag siúl i dtreo an leithris. D’oscail Liam a shúile agus lig osna chléibh. Éiríonn na habairtí níos giorra agus an duine coimhthíoch seo ag druidim le Liam, mar a ghéaraíonn ar luas a smaointe agus ar phreabarnach a chroí, ach ansin leathnaítear amach arís iad agus an baol thart. Níl aon amhras ach gur scríbhneoir oilte do dhaoine óga í Áine Ní Ghlinn, agus ní haon iontas dom an leabhar seo a bheith ar an ngearrliosta do leabhar na bliana ag an eagraíocht Leabhar Pháistí Éireann. Bainfidh idir óg agus aosta taitneamh as an aistear gearr seo, lán teannais agus mothúchán, le Liam agus Daideo.