Coinnigh do Mhisneach

8.00

Stoc ar fáil

Úrscéal le foclóirín Gaeilge-Béarla. Scéal nua-aimseartha atá anseo, a choinneoidh aird an léitheora ó thús go deireadh. Díríonn an leabhar ar bheirt chailíní, Aoife agus Máire, beirt atá an-éagsúil óna chéile. Tá Máire beo bocht, agus mealladh na bhfear inti. Tá a muintir scartha, agus ní raibh aithne aici ar a hathair riamh. Tá cónaí uirthi anois lena máthair agus leis an mbrúid de pháirtnéir atá aici. Saol na bhfuíoll atá ag Aoife, agus í ina cónaí i dteach mór lena tuismitheoirí, ach ní rómhaith atá cúrsaí idir an lánúin agus is léir don saol mór go bhfuil athair Aoife mídhílis dá bhean. Casann an saol Aoife agus Máire i dtreo a chéile agus eascraíonn dlúthchairdeas eatarthu.

Cuirfidh déagóirí spéis faoi leith i gcás an dá phríomhphearsa sa scéal seo, ach is cinnte go gcuirfidh na fophlotaí atá sa leabhar go mór leis an tairbhe a bhainfidh siad as freisin. Pléitear an grá, an tréigean, an cairdeas, an naimhdeas agus an mhídhílseacht. Tá an leabhar oiriúnach do dhéagóirí sinsearacha (16+), agus cuirfidh múinteoirí agus daltaí araon fáilte roimhe. Tá sé oiriúnach, leis, do dhaoine fásta atá ag foghlaim na Gaeilge agus a bhfuil meánleibhéal Gaeilge acu.

 

 

Meáchan 250 g