Cnuasach dánta do dhaoine óga go háirithe é An Seileitleán agus véarsaí seilí eilí. Le greann fadfhulangach seilmidí a bhaineann mórán díobh. Tá dornán dánta eile ann lena gcois atá oiriúnach do dhaoine óga, agus tá súil ag an údar go léifear na cineálacha éagsúla véarsaíochta as a chéile, leis an taitneamh céanna. Oiriúnach don seomra ranga agus le léamh sa bhaile. (Aois 9–12)
An seileitleán agus véarsaí seilí eilí
Funny, snail-esque verse for young people. (Ages 9-12)
€4.00
Stoc ar fáil
Meáchan | 100 g |
---|---|
Léaráidí le | Olivia Golden |
Leathanaigh | 45 |
Foilsithe | 2004 |
LÁ, 10 Samhain 2004
Líonfaidh an leabhar beag filíochta seo bearna a d’aithin mé féin agus mé ag iarraidh páistí a thógáil le Gaeilge, is é sin ranna beaga greannmhara le ríomh leo sa ghluaisteáin nó nuair a bhíonn siad ag dul a luí. Anois, in ionad dul i muinín Humpty Dumpty arís, is féidir liom ceann de na dánta seo a roghnú agus a athrá leo. 20 dán ar fad atá sa leabhar agus tá léaráidí le Olivia Golden ag dul le roinnt acu. Baineann thart fá leath de na dánta le seilide agus is imeartas focail is mó a bhíonn i gceist iontu. Mar shampla, “An gléas sin taobh thiar orm atá greamaithe dem thóin, níl air ach aon fhocal amháin, seileafón.”
Tá an chuid is mó de na dánta eile dírithe ar dhaoine óga fosta, ach bígí cúramach le ceann nó dhó acu mar tá deireadh brónach leo. Ach sin ráite, bhí deireadh brónach le Humpty Dumpty fosta agus níor bhain sé dá chlú domhanda go fóill.
Cnuasach dánta do dhaoine óga go háirithe é An Seileitleán agus véarsaí seilí eilí. Le greann fadfhulangach seilmidí a bhaineann mórán díobh. Tá dornán dánta eile ann lena gcois atá oiriúnach do dhaoine óga, agus tá súil ag an údar go léifear na cineálacha éagsúla véarsaíochta as a chéile, leis an taitneamh céanna. Oiriúnach don seomra ranga agus le léamh sa bhaile.
Corcaíoch is ea an t-údar, Liam Ó Muirthile, agus tá trí chnuasach filíochta foilsithe aige, mar aon le drámaí, úrscéalta agus cnuasaigh dá shaothar iriseoireachta. Mar sin, tá fios a ghnóthaí aige agus tá na dánta anseo greannmhar agus tá struchtúr sásúil leo. Is maith ann iad agus tá an t-údar agus na foilsitheoirí le moladh as an acmhainn nua seo a chur ar fáil do thuismitheoirí bochta. Tabharfaidh mé léirmheas na bpáistí orthu amach anseo!
Books Ireland, Nov 04, 2004
Filíocht éadrom lán de ghreann is de shamhlaíocht shoilbhir atá anseo. Tá domhan seilidí cruthaithe ó bheith i mbéal éin go bheith ag chatáil ar ‘seileacom.net’, agus véarsaí spleodracha eile. Ní hionadh an t-ardchaighdeán nuair is scríbhneoir a bhfuil gach gné dá thalann saothraithe chomh bisiúil is atá ag Ó Muirthile a chum. Taitneoidh na dánta le go leor páistí; bainfidh na héisteoirí is óige sult as an véarsaíocht cheolmhar, agus tá leibhéal spraoi leis an teanga a shásóidh iad siúd atá níos sine.
Inis, Samhradh 2005
Cúrsaí comhaimsire agus iad nascaithe leis an seilide is ábhar do na dánta breátha sa chead chuid den leabhar seo. Tá siad lán de shamhlaíocht simplí, d’imeartas focal, den ghreann agus den chineál clisteachta a shamhlaítear le gasúir d’aois áirithe. Tá sé suimiúil gur gá go mbeadh Béarla ag duine chun iomlán taitnimh a bhaint as an saothar.
Léargas fileata ar chuid eile de ghnáthimeachtaí an tsaoil atá sa dara cuid den leabhar – mar a spreagann méanfach amháin ceann eile (agus léaráid breá leis); an t-aoibhneas a bhaineann le lasadh an tsolais sa dorchacht nó fuaimeanna na h-oíche mar shampla.
Tá an leabhar tiomnaithe do pháistí Scoil Lorcáin, Gaelscoil iI ndeisceart Bhaile Átha Cliath agus shamhlóinn go mbainfí an-taitneamh as ansin, i ngaelscoileanna nó scoileanna Gaeltachta eile ar fud na tíre, nó in aon bunrang atá ag plé leis an nGaeilge mar bheotheanga. Tugtar beocht agus éagsúlacht na filíochta chun beatha. Agus ní hiad na paistí bunscoile amháin a bhainfeadh taitneamh as. Tá ábhar ann a shásódh paistí d’aon aois.