Aistriúchán go Gaeilge den tsraith The Secret Seven le hEnid Blyton. Tá sé leabhar sa tsraith The Secret Seven : An Seachtar Stuama foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht agus iad scríofa i nGaeilge bhreá nádúrtha ag meitheal aistritheoirí.
Is iad an deartháir agus deirfiú Peadar agus Sinéad, agus a gcairde Jeaic, Cóil, Gearóid, Neansaí agus Bairbre an Seachtar Stuama (The Secret Seven) sna leaganacha Gaeilge. Le chéile is iad an Seachtar Stuama agus iad faoi réir chun mistéirí a réiteach, ag am ar bith in áit ar bith.
Sa leabhar seo, Rún an tSeanmhuilinn, tá Peadar agus Sinéad den tuairim go mbeadh an Seanmhuileann thar a bheith feiliúnach le haghaidh cruinnithe dá gclub rúnda – sin nó go dtugann siad faoi deara go bhfuil earraí goidte á stóráil ann! Cuimhníonn an Seachtar ar sheift chun breith ar na gadaithe nuair a thiocfas siad ar ais. Is í Gormfhlaith Ní Thuairisg a d’aistrigh an leabhar seo go Gaeilge.
BILEOGA SPRAOI in aisce. Cliceáil ar an nasc thíos.
Tá bileoga gníomhaíochta in aisce ar fáil le híoslódáil do gach leabhar sa tsraith An Seachtar Stuama. Cliceáil ar an nasc thíos chun iad a fháil agus taitneamh a bhaint as gníomhaíochtaí spraíúla bunaithe ar na scéalta!
An Seachtar Stuama






