An Seachtar Stuama: Eachtra ar an mBealach Abhaile

7.00

Stoc ar fáil

Product ID: 31728 ISBN: 9781784441593 Catagóirí: , , Clibeanna: ,

Aistriúchán go Gaeilge den tsraith The Secret Seven le hEnid Blyton. Tá sé leabhar sa tsraith The Secret Seven : An Seachtar Stuama foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht agus iad scríofa i nGaeilge bhreá nádúrtha ag meitheal aistritheoirí.

Is iad an deartháir agus deirfiúr Peadar agus Sinéad, agus a gcairde Jeaic, Cóil, Gearóid, Neansaí agus Bairbre an Seachtar Stuama (The Secret Seven) sna leaganacha Gaeilge. Le chéile is iad an Seachtar Stuama agus iad faoi réir chun mistéirí a réiteach, ag am ar bith in áit ar bith.

Sa leabhar seo, Eachtra ar an mBealach Abhaile, tá troid mhór théis tarlú agus tá sé mar aidhm ag an Seachtar deireadh a chur leis an achrann sula dtéann cúrsaí chun donais. Ach cén t-údar atá leis an achrann? Agus cén fáth a bhfuil daoine chomh spréachta?  Is í Máirín Ní Ghadhra a d’aistrigh an leabhar seo go Gaeilge.

Tá bileoga gníomhaíochta in aisce ar fáil le híoslódáil do gach leabhar sa tsraith An Seachtar Stuama. Cliceáil ar an nasc thíos chun iad a fháil agus taitneamh a bhaint as gníomhaíochtaí spraíúla bunaithe ar na scéalta!
An Seachtar Stuama

Meáchan 140 g