An Seachtar Stuama: Cá bhfuil an Seachtar

7.00

Stoc ar fáil

Product ID: 31710 ISBN: 9781784441555 Catagóirí: , , Clibeanna: ,

Aistriúchán go Gaeilge den tsraith The Secret Seven le hEnid Blyton. Tá sé leabhar sa tsraith The Secret Seven : An Seachtar Stuama foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht agus iad scríofa i nGaeilge bhreá nádúrtha ag meitheal aistritheoirí.

Is iad an deartháir agus deirfiúr Peadar agus Sinéad, agus a gcairde Jeaic, Cóil, Gearóid, Neansaí agus Bairbre an Seachtar Stuama (The Secret Seven) sna leaganacha Gaeilge. Le chéile is iad an Seachtar Stuama agus iad faoi réir chun mistéirí a réiteach, ag am ar bith in áit ar bith.

Sa leabhar seo, Cá bhfuil an Seachtar? Tugann an Seachtar cuairt ar theach taibhsí ach ní fada go bhfeictear dhóibh nach bhfuil sé folamh mar a shíl siad. Is gearr go mbíonn siad sáinnithe taobh istigh. Cén chaoi a dtiocfaidh siad as? Is í Caitlín Ní Chualáin a d’aistrigh an leabhar seo go Gaeilge.

BILEOGA SPRAOI IN AISCE. Cliceáil ar an nasc thíos.

Tá bileoga gníomhaíochta in aisce ar fáil le híoslódáil do gach leabhar sa tsraith An Seachtar Stuama. Cliceáil ar an nasc thíos chun iad a fháil agus taitneamh a bhaint as gníomhaíochtaí spraíúla bunaithe ar na scéalta!
An Seachtar Stuama

Meáchan 140 g