Gugalaí Gug!

15.00

Stoc ar fáil

Eagrán álainn faoi chlúdach crua a dhéanamm ceiliúradh ar an gclasaic Gaeilge seo a bhfuil na mílte cóipeanna díolta aige. Bronnann an IRMA, Irish Recorded Music Association dioscaí óir ar albaim mar aitheantas ar dhíolachán os cionn 7,500 cóip agus tá an t-aitheantas sin tuillte go hoifigiúil anois ag Gugalaí Gug! i 2011. Ón gcéad lá ar foilsíodh é, tá na mílta éisteoir agus léitheoir, idir óg agus sean, curtha faoi dhraíocht ag Gugalaí Gug! Naoi gcinn fhichead de rannta agus d’amhráin ón traidisiún atá anseo. Ar an dlúthdhiosca, cloistear Tom Sailí Ó Flaithearta, duine de shár-aisteoirí Chonamara; Caitlín Ní Chualáin, fonnadóir aitheanta ó Chois Fharraige, chomh maith le glúin nua rannairí agus fonnadóirí aniar. Agus cuireann pictiúr áille Cartoon Saloon na seanrannta seo ar a seanléim! Leabhar agus CD álainn – ba cheart go mbeadh cóip i ngach tigh sa tír’ Dáithí Ó Sé

Meáchan 250 g