Ceannaíonn máthair Vera a céad veidhlín di agus tá sí faoi dhraíocht aige láithreach. Is mian léi tosú á sheinm ar an bpointe boise! De réir a chéile, áfach, tuigeann sí gur go foighneach faoi threoir a mamaí agus a múinteora a bhainfidh sí ceol as an uirlis iontach seo. Scéal gleoite agus treoirleabhar do thosaitheoirí ar an veidhlín le duine de na veidhleadóirí is cáiliúla sa tír. Duine de mhórealaíontóirí na tíre a mhaisigh an leabhar.