Margadh!

Ór na Péiste

6.37

Stoc ar fáil

An Fhrainc, sa bhliain 1660. Tar éis bhás a máthar, taistealaíonn Louise Bheag agus Benjamin trasna an Atlantaigh sa tóir ar a n-athair. Ag teannadh le cósta Mheicsiceo, cloiseann Louise Bheag agus Benjamin go bhfuil a n-athair sa tóir ar ór na nIncach. Ach ní mar a síltear bítear. Is gearr go mbíonn an cúpla i gcroílár na foraoise, i gcathair Phéist na gCleití. Agus níl ansin ach a thús! Sa tsraith nua úrscéalta seo do léitheoirí óga castar deartháir agus deirfiúr deich mbliana d’aois orainn, Benjamin agus Louise Bheag. Tar éis bhás a máthar, fágann an bheirt Páras agus téann siad sa tóir ar a n-athair. Cailín aerach í Louise Bheag. Is fearr léi an claíomh ná an tsnáthaid fhuála. Ní saighdiúir ar bith é Benjamin. Is mó suim atá aige siúd i leabhair agus i léarscáileanna mara.

Meáchan 100 g