Kingston, Iamáice, sa bhliain 1660. Tar éis bhás a máthar, téann Louise Bheag agus Benjamin chun farraige sa tóir ar a n-athair, an foghlaí mara clúiteach, an captaen Roc. Gabhann cabhlach Shasana iad, agus caitear i gcillín iad in oileán Iamáice. Ach le chéile, faigheann siad cabhair ó na foghlaithe mara, Parabas agus Marie Dhearg, agus déanann siad iarracht éalaú ó Iamáice le dul sa tóir ar a n-athair arís. Ach ní hiad amháin atá ar a thóir! Sa tsraith nua úrscéalta seo do léitheoirí óga castar deartháir agus deirfiúr deich mbliana d’aois orainn, Benjamin agus Louise Bheag. Tar éis bhás a máthar, fágann an bheirt Páras agus téann siad sa tóir ar a n-athair. Cailín aerach í Louise Bheag. Is fearr léi an claíomh ná an tsnáthaid fhuála. Ní saighdiúir ar bith é Benjamin. Is mó suim atá aige siúd i leabhair agus i léarscáileanna mara.