Pictúirleabhar (clúdach crua)
Léaráidí Andrew Whitson
ISBN 9781912929276
Foilsitheoir An tSnáthaid Mhór
Máire Zepf a d’aistrigh
Muireann agus na Deilfeanna
Déanann athair Mhuirinne báidín beag di agus múineann sé di cén dóigh é a sheoladh. Roimh i bhfad, bíonn Muireann ag scinneadh thar na tonnta agus deilfeanna lena taobh.
Cuidíonn sí leis na deilfeanna nuair a éiríonn ceann acu gafa in eangach. Ach cad a tharlóidh nuair atá Muireann féin i dtrioblóid?
Sa scéal drámatúil, álainn seo – an séú leabhar sa tsraith le scríbhneoir agus maisitheoir a bhfuil clú, cáil agus gradaim go leor bante amach acu – téann Muireann chun farraige le háthas, le misneach agus, mar is gnách, le cineáltas.
Muireann agus na Deilfeanna arna fhoilsiú ag Graffeg in 2022. Cóipcheart © Graffeg Ltd 2022