Pictúirleabhar (clúdach crua)
Léaráidí: Andrew Whitson
Arna aistriú ag Máire Zepf
Tá iontas an domhain ar Mhuireann agus ar Dhónall nuair a thagann siad ar mhíol mór ar an trá. Taispeánann Daidí dóibh cén chaoi le cúram a thabhairt don mhíol mhór agus iad ag fanacht leis an lán mara theacht isteach. Oibríonn na páistí agus a gcairde le chéile chun í a choinneáil fliuch fionnuar agus chun díog a thochailt fúithi. Ceolann Muireann lena suaimhniú. Ach an éireoidh leo an míol mór a thabhairt slán?
An dara leabhar sa tsraith a thosaigh leis an leabhar, Muireann agus an Fharraige Fhiáin. Scéal álainn arna scríobh agus arna mhaisiú ag beirt mháistrí.
Muireann agus an Míol Mór arna fhoilsiú ag Graffeg, 2019, Cóipcheart © Graffeg Limited 2019
Foilsitheoir An tSnáthaid Mhór | ISBN 9781912929030 | Leathanaigh 34 | An chéad chló 2019