Jeaic & Lúlú: Madra Mór Crosta

7.50

Stoc ar fáil

Tá peata madra ag Jeaic. Lúlú an t-ainm atá uirthi. Bíonn Lulú de shíor ag iarraidh a bheith istigh sa teach, agus bíonn Mamaí de shíor á ruaigeadh amach. Mura bhfuil sé sin sách dona, is eolaí beag é Jeaic. Is breá leis a bheith ag meascadh ceimicí agus ag déanamh meaisíní. Tá Mamaí bhocht trína chéile acu! Tá Lúlú i dtrioblóid. Tá rótvaidhléir mór crosta ag an gcomharsa bhéal dorais, agus tá Lúlú scanraithe roimhe. Ach tá leigheas an scéil ag Jeaic. Má mheascann sé na ceimicí cearta beidh sé in ann deoch speisialta a dhéanamh do Lulú – agus í a dhéanamh mór millteach!

Meáchan 100 g