An tAigéan Atlantach, sa bhliain 1660. Ar bord Ordóg na Feirge agus iad sa tóir ar a n-athair, cuireann Louise Bheag agus Benjamin eolas ar shaol na mara. Agus baintear obair astu! Tar éis dóibh teacht slán as stoirm uafásach ar an bhfarraige, fágtar an bheirt ar long na dtaibhsí! Sa tsraith nua úrscéalta seo do léitheoirí óga castar deartháir agus deirfiúr deich mbliana d’aois orainn, Benjamin agus Louise Bheag. Tar éis bhás a máthar, fágann an bheirt Páras agus téann siad sa tóir ar a n-athair. Cailín aerach í Louise Bheag. Is fearr léi an claíomh ná an tsnáthaid fhuála. Ní saighdiúir ar bith é Benjamin. Is mó suim atá aige siúd i leabhair agus i léarscáileanna mara.