Bertie Brocach: Bréantas!
Leagan Gaeilge le Marion Ní Shúilleabháin
Cas le Dirty Bertie – buachaill a bhfuil nósanna gránna, srónphioctha aige! Tá sé plódaithe le pleananna mire agus smaointe craiceáilte, agus má tá trioblóid i gceist, ná breathnaigh níos faide – is cinnte go mbeidh Bertie go smig inti!
Den chéad uair riamh ar fáil i nGaeilge, tá trí leabhar sa tsraith Dirty Bertie foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht, aistrithe ag Marion Ní Shúilleabháin.
Scéalta spleodracha, lán le heachtraí agus le greann, a bhainfidh gáire as léitheoirí óga ar fud na tíre.






