Rógaire gan sárú é Anansi na n-ocht gcos. Is nós leis bob a bhualadh ar na déithe agus olc a chur ar a chomharsana. Ach taobh amuigh de sin níl sé ródhifriúil liomsa ná leatsa, i ndáiríre. Is breá le Anansi bheith ag comhrá leis na hainmhithe eile (nuair nach mbíonn sé á n-ithe). Is breá leis scéalta agus scéalaíocht. Ach bí ar d’aire, is breá leis bheith i mbun cleasaíochta freisin! Tá cur síos ar naoi gcinn d’eachtraí iomráiteacha Anansi sa leabhar seo ó pheann Éamoinn Uí Ruanaí.
Anansi agus Scéalta an Domhain
€7.50
Stoc ar fáil
Product ID: 43646 ISBN: 978185791929500 Catagóirí: 7 — 10 bliana d’aois, 10 — 13 bliana d’aois, Leabhair, An Gúm






