Tá an leabhar seo as cló
Sraith ghleoite de cheithre leabhar eolais faoi na feithidí is suimiúla ar domhan, feithidí a bhíonn thart orainn an t-am go léir. An ndearna tú iontas d’fhéileacán riamh? Ar mhaith leat eolas a fháil faoi shaol iontach na ndamhán alla? An eol duit go bhfuil cineálacha éagsúla seangán ann? Cad faoi chóras iontach oibre na mbeach? Sna leabhair seo beidh tú I gcomhluadar na bhfeithidí seo uile agus iad ag cur síos duit a saol féin, a gcuid nósanna, a gcuid bia, an tslí a dtagann siad ar an saol, na naimhde acu agus mar a bhíonn siad ag faire amach dá chéile. Tá sraith fíricí suimiúla I ndeireadh gach leabhar faoin mbaint thábhachtach atá ag na feithidí seo leis an timpeallacht. Bainfidh idir óg agus aosta taitneamh agus eolas as na leabhair áille seo.