Leabhar eile spleodrach sa tsraith Rita.
Rita agus an Lampa Draíochta
Pictiúrleabhar do pháistí idir 6 agus 10 mbliana d’aois is é Rita agus an Lampa Draíochta agus é scríofa ag Máire Zepf, maisithe ag Andrew Whitson agus foilsithe ag An tSnáthaid Mhór. Is é seo an séú leabhar sa tsraith leabhar seo bunaithe ar Rita, cailín óg agus pleananna móra aici. Sa scéal seo téann Rita ar thuras eachtraíochta ina cuid samhlaíochta agus í ar chairpéad draíochta agus lampa draíochta aici. Tá an leabhar seo ar Ghearrliosta Ghradam Réics Carló 2021 de chuid Oireachtas na Gaeilge i gcomhar le Foras na Gaeilge.
€17.00
Stoc ar fáil