50%
Lascaine

Horrid Henry Dónall Dána: Díoltas

8.00 4.00

[flipbook-popup id="díoltas"] Léigh sliocht as an leabhar[/flipbook-popup]

Stoc ar fáil

Cheithre gearrscéal do dhaoine óga  Aoisghrúpa: 8 – 12 bliain d’aois  Feiliúnach don seomra ranga

Seans gur chuala tú faoin mbuachaill dána sin Horrid Henry. Anois tá sé in am aithne a chur ar Dhónall Dána, mar atá baistithe ar Horrid Henry sa leagan Gaeilge den tsraith cháiliúil le Francesca Simon atá á chur i gcló ag Cló Iar-Chonnacht agus iad maisithe ag Tony Ross. Tá sraith Dónall Dána / Horrid Henry aistrithe go Gaeilge bhreá nádúrtha ag meitheal aistritheoirí; Caitlín Ní Chualáin, Máirín Ní Ghadhra, Gormfhlaith Ní Thuairisg agus Marion Ní Shúilleabháin.

Tá cheithre gearrscéal istigh sa gcnuasach Díoltas agus tá an cnuasach ar cheann de dheich leabhar ar fad atá ar fáil sa tsraith Horrid Henry : Dónall Dána. Is í Caitlín Ní Chualáin a d’aistrigh Díoltas go Gaeilge. 

Diabhailín ceart é Dónall Dána. Is buachaill é gur aoibheann leis cleasanna gránna, uafásacha a imirt. Caitheann sé bia thart, sciobann sé rudaí, bíonn sé ag brú, ag soncadh agus ag pinseáil. Sa gcnuasach seo téann Dónall Dana go dtí an oifig lena athair, haiceálann sé isteach go ríomhaire a mhuintire, castar Gráinne Ghréiseach Cailleach Am Lóin air agus cuireann sé plean i dtoll a chéile chun a dhíoltas a bhaint amach ar a dheartháir ‘foirfe’ Learaí-gan-Locht!

Meáchan 250 g

…Is ar an lucht féachana is léitheoireachta níos óige atá an tsraith úr Dónall Dana nó Horrid Henry dírithe. Is comhtharlú ádhúil é go bhfuil TG4 tar éis leagan Gaeilge de Horrid Henry a léiriú ag an am céanna go bhfuil an dara sraith de leabhair Dhónaill Dhana á seoladh ag Cló Iar-Chonnacht.

I measc na dteideal sa dara sraith seo, a rinne meitheal craoltóirí is sár-aistritheoirí RTÉ Raidió na Gaeltachta, Marion Ní Shúilleabháin, Gormfhlaith Ní Thuairisg, Caitlín Ní Chualáin agus Máirín Ní Ghadhra, tá ‘Dónall Dána: Díoltas, Dónall Dána: Mallacht an Mhumaí, agus, go hoiriúnach do thráth na Samhna, ‘Dónall Dána: Teach na dTaibhsí’.
Séasúr na Seoltaí, Seachtain, 18 Deireadh Fómhair, 2017. Sliocht as alt le Concubhar Ó Liatháin.