Oíche Nollag atá ann agus tá Daidí na Nollag réidh le dul timpeall an domhain sa charr sleamhnáin. Caithfidh sé an liosta a sheiceáil uair amháin eile . . .
Tá sceitimíní ar na síofaí. Tá sceitimíní ormsa. Is aoibhinn liom an Nollaig. Céard fútsa?
Leabhar álainn le léamh do pháistí óga, é maisithe go haoibhinn ag Andrew Whitson.