Níl stoc ar fáil

Cluasa Capaill ar an Rí

Ar Ghearrliosta Ghradam Réics Carló 2021

Seanscéal é seo faoin misneach a theastaíonn uaireanta leis an fhírinne a insint, is cuma céard a cheapann daoine eile.

Nuair a bheirtear páiste do bhanríon na tíre, tá sí féin agus an rí an-bhuartha: tá cluasa capaill ar an bpáiste. An nglacfaidh muintir na tíre lena mac, Labhraí?

An mbeidh sé in ann a rún aisteach a choinneáil ar feadh a shaoil, fiú nuair a bheidh sé féin ina rí ar an tír?

Clúdach crua.

 

15.00

Níl stoc ar fáil

Ar Ghearrliosta Ghradam Réics Carló 2021

Sa leabhar seo, Cluasa Capaill ar an Rí, déantar athinsint ar scéal an Rí Labhraí Loingseach ón mbéaloideas.

Nuair a bheirtear páiste do bhanríon na tíre, tá sí féin agus an rí an-bhuartha: tá cluasa capaill ar an bpáiste. An nglacfaidh muintir na tíre lena mac, Labhraí?

An mbeidh sé in ann a rún aisteach a choinneáil ar feadh a shaoil, fiú nuair a bheidh sé féin ina rí ar an tír?

Seanscéal é seo faoin misneach a theastaíonn uaireanta leis an fhírinne a insint, is cuma céard a cheapann daoine eile.

An t-údar:

Is údar agus colúnaí í Bridget Bhreathnach a rugadh i Nua-Eabhrac is a tógadh i Ros Muc, i gConamara.  Tá dhá leabhar dá cuid foilsithe ag Futa Fata: LÚLÚ AGUS AN OÍCHE GHLÓRACH a mhaisigh Steve Simpson agus NÍ MISE A RINNE É! a mhaisigh Donough O’Malley. Aistríodh a saothar go Sínis, Gaidhlig agus Téalainnis. Tá lucht leanúna mór aici dá colún ar chúrsaí teaghlaigh a fhoilsítear go seachtainiúil ar Tuairisc.ie

An maisitheoir: Shona Shirley Macdonald

Is as Siorrachd Obar Dheathain na hAlban ó dhúchas do Shona Shirley Macdonald. I measc na leabhar atá maisithe aici tá THE MOON SPUN AROUND, cnuasach filíochta le WB Yeats a d’fhoilsigh O’Brien’s Press in 2016. In 2018 a foilsíodh THE POOKA PARTY pictiúrleabhar a scríobh agus a mhaisigh sí. Is í a mhaisigh AN FÉILEACÁN AGUS AN RÍ an chéad leabhar sa tsraith chéanna le CLUASA CAPAILL AR AN RÍ; bronnadh Gradam Réics Carló, Leabhar na Bliana don óige, air in 2020.

Meáchan 250 g