An Crann Cois na Trá
Pictiúrleabhar do pháistí. Leagan Gaeilge le Fearghas Mac Lochlainn den leabhar The Tree by the Sea.
Is é The Tree By The Sea an chéad leabhar de chuid Debbie Deegan. Insíonn sé scéal faoi chrann cufróige speisialta atá in aice le Cuan Bhaile Átha Cliath. Bhí an crann ag fáil bháis ach shocraigh an t-ealaíontóir crainn Tommy Craggs saol eile a thabhairt don chrann trí dhealbhadóireacht ealaíonta a dhéanamh ar chraiceann an chrainn.
Bhí spéis ag Debbie sna hainmhithe draíochtúla a shnoigh Tommy sa gcrann. Shamhlaigh sí na hainmnithe seo ag bronnadh mianta ar na páistí a thug cuairt ar an gcrann. Le cabhair ón maisitheoir áitiúil Bronagh Lee, thug siad an leabhar chun críche. Tá sé aistrithe anois go Gaeilge ag Fearghas Mac Lochlainn faoin teideal “An Crann Cois na Trá.” Tá teachtaireacht álainn sa leabhar seo faoi áilleacht agus saibhreas na timpeallachta agus an tábhacht a bhaineann léi.
Is scéal aoibhinn é a spreagann meas ar áilleacht agus tábhacht an dúlra agus scéal atá lán le samhlaíocht agus iontas.









