Úrscéal do léitheoirí os cionn trí bliana déag d’aois le Seán Ua Cearnaigh. Hearóin, cócaon, beirt leaideanna óga ag campáil ar bharr sléibhe, seanteach mistéireach, dúnmharú a tharla fadó. Céard é an ceangal eatarthú? Agus cé a chuir ceangal na gcúig gcaol ar na hógánaí sa mbóthán? Tá Arnó ar ais ar cuairt ag Niamh agus tá an chuma ar an scéal gur samhradh corraitheach contúirteach a bheidh ann!