I Mo Chroí Istigh le Áine Ní Ghlinn
Cailín fíor-éirimiúil í Millí, príomhcharachtar I Mo Chroí Istigh le Áine Ní Ghlinn. Níl uaithi ach a bheith ina hinnealtóir róbataice agus a saol a chaitheamh ag obair lena hathair, Leo. Croíthe, scamhóga agus próistéisí sintéiseacha de gach sórt a chruthú. Daoine atá gar don bhás a thabhairt ar ais chun beatha.
Daoine a bhfuil siúl na gcos caillte acu a chur ag siúl arís. Radharc na súl a thabhairt don té atá dall. Ach tá obair rúnda ar bun ag Leo freisin, ar intleacht shaorga. An bhféadfadh Millí agus a hathair róbat daonna a chruthú?
Pléann an leabhar seo le ceisteanna mórthimpeall ar intleacht shaorga agus dul chun cinn i gcúrsaí róbataice. An féidir a rá go bhfuil róbat beo?
- Úrscéal ficsean eolaíochta
- ISBN: 9781784442293
- Líon leathanach: 121