Tá cónaí ar Marius, an vaimpír, in áiléar Ailfí. Gabhann sé timpeall an tí mar is toil leis agus tógann a bhfuil uaidh ón gcófra bia. Níl saol na vaimpíre saor ó thrioblóid nuair a thagann tinneas fiacaile air. Cuirtear leis na deacrachtaí nuair a théann Ailfí chun an stiúideo teilifíse leis na tiripíní. Tá an fhoireann ag iarraidh físeán a dhéanamh de Marius ach an féidir físeán a dhéanamh de vaimpír? Do dhaoine óga fásta (10–13) agus do dhaoine fásta óga de gach aois! Bronnadh duais Oireachtas 2013 ar an leabhar seo. Seo an dara leabhar sa tsraith seo. Foilsíodh an chéad leabhar, Ailfí agus an vaimpír i 2012.
Vaimpír san áiléar
Leanann an leabhar seo scéal Ailfí agus an vaimpír agus tá an spraoi céanna ag roinnt leis na heachtraí anseo.
€4.00
Stoc ar fáil
Meáchan | 250 g |
---|---|
Leathanaigh | 168 |
Foilsithe | 2013 |
Léirmheas in Books Ireland, Feabhra 2013
Tá aitheantas is duaiseanna bainte amach ag an údar seo le blianta beag anuas; is maith atá siad tuillte aici. Bhain núáil is úire lena cnuasach gearrscéalta Canary Wharf . Is é seo an dara úrscéal do dhéagóirí óna peann. Seo again Ailfí arís agus Marius, an vaimpír a chónaíonn in aontíos leis i ngleid leis na meáin is scannaíaníocht. Tá an scríbneoireacht ar ardchaighdeán – is maith i gcónaí leabhair do dhaoine óga a léamh inar léir meas ag an údar ar na léitheoirí. Mar is dual don fhoilsitheoir seo, is earra dea-dhéanta, ealaíonta an leabhar.
Léirmheas in Inis, Geimhreadh 2013
Is é seo an dara leabhar i sraith le hOrna Ní Choileáin faoi vaimpír a chonaíonn le deagóir. Ní leabhar scáfar scanrúil é seo áfach in ainneoin gur vaimpír é Marius nach féidir leis cur suas le solas na gréine. Tá greann agus spleodar agus eachtraíocht ann, stíl insinte tharraingteach chliste a mheallfaidh an léitheoir ó thuas go deireadh, agus carachtair inchreidte in Ailfí agus Marius, i dtuismitheoirí Ailfí agus sna daoine eile a mbíonn siad ag plé leo i rith an scéil, sa stáisiún teilifíse nó nó sa reilig (más daoine atá sa reilig!). Is leabhar measartha fada é seo i gcomparáid le cuid mhór den ábhar atá á fhoilsiú do dheagóirí i nGaeilge faoi láthair. Aithnaíonn an t-údar go dteastaíonn scéal maith le carachtair inchreidte i suíomh inaitheanta ó léitheoirí óga agus cuireann sí é sin ar fáilgo cumasach cliste líofa. Sa lá atá inniu ann, bíonn gach duine ar an teilifís nó ag iarraidh a bheith os comhar an cheamara, ní haon eisceacht na daoine ná na vaimpírí sa scéal seo. Tá domhan na teilifíse osréalach freisin. Cuireann Orna Ní Choileáin roinnt den osnádúr leis agus déanann sí béile blasta do na déagóirí óga ar maith leo gráinne mór den fhíorshaol, feoil shaibhir mhealltach na teilifíse agus anlann mhilis dhearg an tsaoil eile meascaithe go fial leis. Beidh na léitheoirí ag súil leis an gcéad eachtra eile, agus cá bhfios nach mbeidh sraith teilifíse againn ar ball?
Léirmheas in Comhar, Deireadh Fómhair 2013
Uaireanta, i gcúrsaí ceoil, bíonn sé deacair an dara halbam a chruthú gan a bheith ag smaoineamh an iomarca faoin gcéad cheann. Fiú má chloítear leis an stíl chéanna, beidh an lucht éisteachta freisin ag déanamh comparáide eatarthu. Tá sé mar an gcéanna, is dócha, le sraith leabhar. Bhain mé sult as Ailfí agus an Vaimpír, an chéad leabhar sa tsraith seo do pháistí le hOrna Ní Choileáin, agus bhí mé ag tnúth go mór leis an gcéad cheann eile uaithi. Ach caithfidh mé a admháil go raibh mé buartha nach mbeadh sé chomh hiontach is a bhí an chéad iarracht. Chun an fhírinne a rá, níor bhaol dom. Tá Vaimpír san Áiléar chomh taitneamhach, nó b’fhéidir níos taitneamhaí, ná a réamhtheachtaí Ailfí agus an Vaimpír. Tosaíonn an scéal amach leis na buachaillí, Ailfí agus Marius (atá ina vaimpír), ag breathnú ar ‘Plobarama’ ar an teilifís. Tá Ailfí ina chónaí lena thuismitheoirí, agus tá Marius ina chónaí san áiléar – cé nach bhfuil a fhios ag tuismitheoirí Ailfí faoi sin. Mar sin, bíonn ar Marius dul i bhfolach nuair atá tuismitheoirí Ailfí ag an mbaile. Nuair a bhíonn siad amuigh, afach, tagann sé anuas, breathnaíonn sé ar an teilifís agus itheann a bhfuil de bhrioscaí san áit. Is beag deacracht a bhíonn ag Ailfí agus a chara leis an socrú seo nó go bhfaigheann Ailfí cuireadh chun dul ar an seó ‘Peatarama’ leis na tiripíní atá aige a thaispeáint. Téann sé chuig an stiúideo teilifíse lena chuid peataí agus ‘ialtóg’ (Marius) ina theannta chomh maith. An fhadhb ná go bhfuil níos mó suime ag na léitheoirí taifeadadh a dhéanamh ar an ialtóg, ach ní féidir é a fheiceáil ar an gceamara toisc gur vaimpír é! Nuair a thugann na láithreoirí an méid seo faoi deara, caithfidh siad teacht ar réiteach roimh an gcéad chlár eile.
Ach ní hí sin an chonstaic is mó atá le sárú ag na buachaillí. Tá an iomarca brioscaí agus barraí tar éis teacht isteach i dteach Ailfí leis an tsiopadóireacht, tá athair Ailfí ag iarraidh moltaí a fháil sa stiúideo teilifíse faoin script scannáin atá scríofa aige, agus tá rud éigin aisteach faoi Mhargó Milanova, atá ina láithreoir ar ‘Plobarama’ – ach cad atá cearr léi? Tá an leabhar lán le míreanna deasa ach an ceann is mó a thaitin liom ná an turas chuig an bhfiaclóir. Tá Marius bocht ag fulaingt le tinneas fiacaile, agus tugann máthair Ailfí an bheirt acu go dtí an fiaclóir. Réitíonn Ailfí go hiontach léi, ach n’fheadair cé acu atá níos feargaí faoi chuairt Marius – an vaimpír óg nó an fiaclóir bocht. Tá roinnt carachtar nua sa scéal chomh maith, idir láithreoirí teilifíse, chara nua do na buachaillí agus, fiú, bithiúnach atá cruálach agus beagáinín scanrúil.
Tá an leabhar spraíúil agus dea-scríofa, agus is maith mar a leanann an scéal ar aghaidh ón gcéad leabhar. Is féidir le leanúnachas mearbhall a chur orainn uaireanta mura bhfuil na leabhair eile léite againn ach mínítear gach rud anseo – fiú trí thagairt a dhéanamh d’eachtraí ó Ailfí agus an Vaimpír féin – ionas go dtuigimid gach rud a thiteann amach. Tá stíl scríbhneoireachta an údair le moladh freisin. Déanann sí cur síos iontach ar mheon agus ar smaointí Marius agus Ailfí agus tá greann mór ann in áiteanna. Uaireanta, bhí mé sna tríthí ag léamh faoi na scéimeanna uile a bhí ag an mbeirt. Mholfainn an leabhar, an tsraith seo, d’éinne. Tagann an leabhar le gluais bheag (a oibríonn mar leabharmharc chomh maith) a thugann seans d’fhoghlaimeoirí (nó fiú daoine le Gaeilge réasúnta líofa) cur lena stór focal. Deireann an leabhar féin go bhfuil sé oiriúnach do ‘dhaoine óga fásta (10-13) agus do dhaoine fásta óga de gach aois’, agus aontaím leis sin. Is léir gur éirigh le hOrna Ní Choileáin na deacrachtaí a bhaineann leis an dara saothar a shárú. Táim ag tnúth go mór leis an gcéad leabhar eile sa sraith ‘I measc vaimpírí’.