Is é Peadairín Pan íomhá na hóige agus na soineantachta ar fud na cruinne agus tír na samhlaíochta agus na draíochta í Tír na Deo, áit a bhfuil an buachaill óg in ann eitilt leis ina chaptaen ar na buachaillí fáin. D’éalaigh Peadairín Pan óna mhuintir an lá ar rugadh é mar nár theastaigh uaidh ‘a bheith fásta suas’ ná a ‘bheith i m’fhear choíche’. Ní thagann aois ná aiféala air is é i measc an lucht sí, na maighdeana mara, na bhfoghlaithe, agus scaití, le gasúir shaolta a bhíonn ag macnas agus ag pléaráca leo.
Tír na Deo
€10.00
Stoc ar fáil
Product ID: 41043
ISBN: 9781857919455
Catagóirí: Páistí & Daoine Óga, 10 — 13 bliana d’aois, Leabhair, An Gúm
Clib: J.M. Barrie





