Iascairí i mbaol, an Taibhse Dána ar ais i mbun díobhála. Cé a thiocfaidh i gcabhair orthu? Leagann Rí na Síog trí thasc scáfar ar Ruán agus Éadaoin. Má theipeann orthu in aon cheann acu beidh an tír uile faoi smacht an Taibhse arís. Téann siad i mbun oibre láithreach agus le cabhair ó roinnt cairde, idir bheag is mhór, éiríonn leo comhábhair na fuascailte a bhailiú agus an tír a tharrtháil. Scéal iontach