Ceithre scéal mistéire atá sa tsraith Scéalta Scéine agus iad feiliúnach do léitheoirí idir 8 agus 11 bliain d’aois. Leabhair ghairid scioptha atá iontu atá feiliúnach do dhaoine óga atá ag iarraidh barr feabhais a chur ar a scileanna léitheoireachta. Máirín Ní Ghadhra agus Gormfhlaith Ní Thuairisg, iriseoirí le RTÉ Raidió na Gaeltachta, a d’aistrigh go Gaeilge nádúrtha an lae inniu. Foilsíodh na leabhair seo i mBéarla ó thús sa tsraith Freestylers Short Thrillers agus is é Andrew Fusek Peters a scríobh. Tá na leaganacha i nGaeilge foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht le maoiniú ó COGG.
Mac Tíre… Dáiríre!
Tá madra éalaithe agus na bleachtairí óga Ben agus Sam sna sála air. Oíche amháin feiceann siad mullach fionnaidh agus fiacla móra sa dorchadas. Ní haon mhadra atá rompu!