Ceithre scéal mistéire atá sa tsraith Scéalta Scéine agus iad feiliúnach do pháistí idir 8 agus 11 bliain d’aois. Leabhair ghairid scioptha atá iontu atá feiliúnach do dhaoine óga atá ag iarraidh barr feabhais a chur ar a scileanna léitheoireachta. Máirín Ní Ghadhra agus Gormfhlaith Ní Thuairisg, iriseoirí le RTÉ Raidió na Gaeltachta, a d’aistrigh go Gaeilge nádúrtha an lae inniu. Foilsíodh na leabhair seo i mBéarla ó thús agus is é Andrew Fusek Peters a scríobh na bunleaganacha. Tá na leaganacha i nGaeilge foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht le maoiniú ó COGG.
Lámh Mharbh Abú!
Nuair a chloiseann na bleachtairí óga Ben agus Sam cnag ar an doras, céard a bheadh rompu ach lámh cnámharlaigh agus é sa tóir ar a chorp! Mistéir, dainséar agus cnámha ar iarraidh.