Iománaí ón Iasacht

8.00

Léigh sliocht as an leabhar

Stoc ar fáil

Buachaill óg as an bPolainn é Karol Laska agus é ag cur faoi in Éirinn ó bhí sé an-óg. Ón gcéad lá a chonaic sé buachaillí óga ag lascadh liathróide le maidí aisteacha ina lámha, mar ab fhacthas dó iad, ba é mian a chroí a bheith ina shár-iománaí. Agus éiríonn leis!

Faoin am a bhfuil sé sna déaga tá sé ina iománaí oilte agus ina chaptaen ar fhoireann na scoile. Tá ag éirí go geal leis, ach ansin tarlaíonn tubaiste; cailleann a athair a phost agus tá ar an gclann go léir filleadh ar an bPolainn, áit nach bhfaca Karol le deich mbliana, agus áit nach n-imrítear aon iomáint…

Bhuaigh an saothar seo duais Chumann Lúthchleas Gael i gComórtais Liteartha an Oireachtais.   

Meáchan 100 g

Is úrscéal nua-aimseartha é ‘Iománaí ón Iasacht’ le Seán Ua Cearnaigh a chaitheann solas ar shochaí chomhaimseartha na hÉireann. Is iomaí seomra ranga sa tír, thuaidh agus theas, a bhfuil páistí ón iasacht iontu.

Cuireann an t-úrscéal síos ar Karol Laska, gasúr óg de bhunadh na Polainne a thagann a chónaí go hÉireann. Cé go raibh cumha i ndiaidh an bhaile air agus an tús, socraíonn sé isteach ar a shaol nua in Éirinn agus, go dearfa, baineann sé sult as.

Cuireann an príomhoide fearadh na fáilte roimhe go hÉirinn agus chuig an scoil úr. Ar an drochuair, áfach, déanann carachtar eile, Tomás Ó Duibhir, tromaíocht ar Karol de bhrí gur gasúr cliste é.

Arís eile, is iomaí déagóir a ndéantar tromaíocht air sa tír agus tugann an t-úrscéal seo deis don léitheoir ceist na tromaíochta a phlé. Tarlaíonn cor sa scéal agus éiríonn Tomás agus Karol mór le chéile.

Teagascann Tomás, atá ina imreoir iomána den chéad scoth, scileanna iomána do Karla agus éiríonn thar barr leis an fhoireann iomána. Ar ndóigh, fóireann an teideal go maith don úrscéal agus léiríonn sé forbairt phearsanta agus comhtuiscint go han-mhaith.

I ndiaidh do Karol na blianta a chaitheamh in Éirinn tá sé ‘chomh Gaelach le haon déagóir sa cheantar’. Go híorónta, nuair a chaithfidh Karol dul ar ais chun na Polainne mar gheall ar chúrsaí oibre a athar, cronaíonn sé múintir na hÉireann agus cluiche na hiomána.

Cronaíonn sé Niamh fosta agus is í Niamh a mheallann Karol ar ais go hÉirinn. Tá sé giota beag áibhéalach go leanann athair Karol ar aghaidh ag ceannach ticéad do Chrannchur Náisiúnta na hÉireann agus é sa bhaile a Pholainn, ach is é sin go díreach an rud a dhéanann sé agus baineann sé. Filleann siad ar Éirinn don ‘Lá Mór’ nuair a imrítear cluiche na craoibhe agus Karol ar an fhoireann.

Cé go bhfuil gluais ar chúl an leabhair, tá cuid de na frásaí dúshlánach go leor do dhéagóirí. Tá an scéal féin an-mhaith, áfach, agus tugann sé ábhar machnaimh don léitheoir ar chúrsaí comhaimseartha na tíre seo.
Scéal comhaimseartha do dhéagóirí’, Léirmheas le Pádraig de Bléine, An tUltach, Iml. 94, Uimh. 10, Samhain, 2017