Sladmhargadh!

Brú Fola

3.50

[flipbook-popup id="brú_fola"] Léigh sliocht as an leabhar[/flipbook-popup]

Stoc ar fáil

Ceithre scéal mistéire atá sa tsraith Scéalta Scéine agus iad feiliúnach do léitheoirí idir 8 agus 11 bliain d’aois. Leabhair ghairid scioptha atá iontu atá feiliúnach do dhaoine óga atá ag iarraidh barr feabhais a chur ar a scileanna léitheoireachta. Máirín Ní Ghadhra agus Gormfhlaith Ní Thuairisg, iriseoirí le RTÉ Raidió na Gaeltachta, a d’aistrigh go Gaeilge nádúrtha an lae inniu. Is i mBéarla a foilsíodh den chéaduair iad agus is é an scríbhneoir Andrew Fusek Peters a scríobh. Tá na leaganacha i nGaeilge foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht le tacaíocht ó COGG. 

Brú Fola

Tá na bleachtairí óga Ben agus Sam ar ais agus iad sa tóir ar vaimpírí! Lena héadan geal agus beola dearga, tarraingíonn an cailín nua, Vladya Dortafola, aird gach duine ar scoil. Ach tá rud éigin aisteach fúithí… 

Meáchan 250 g

Foilsíodh an léirmheas ar an mblag Smaointe Fánacha Aonghusa

Ceithre chinn de leabhar (go dtí seo) aistrithe ó sraith Bhéarla Andrew Fusek Peters atá curtha ar fáil anois ag Cló Iar-Chonnacht. Scéalta bleachtaireachta ina bhfuil gné osnádúrtha iad – conriocht, taibhsí, vaimpír! Duine de na bleachtairí óga – Ben, buachaill óg – an reacaire agus tá cailín – Sam – mar leathbhádóir aige. Tá an reacaireacht deas éadrom agus tá na haistriúcháin agGormfhlaith Ní Thuairisg agus Máirín Ní Ghadhra glan, cuanna.
Ní raibh deis fós agam féachaint an léifidh m’iníon iad – tá sí as baile arís – ach ní dóigh liom go mbeidh dua ag aon léitheoir óg leo agus táim cinnte go mbainfidh siad spraoi as. Cailín láidir í Sam, taitníonn sin liom. Feileann an amhras féin muiníne a chlóinn sé féin don reacaire Ben agus cuireann leis an ngreann atá ina orlaí tríd na scéalta. Thart ar 50 leathanach atá i ngach ceann de na leabhrán, d’fheadfaí iad a léamh gan stró in aon suí amháin shamhlóinn. Pléitear ar bealach éadrom sna scéalta freisin le tromaíocht, le péacadh an ghrá, le héad is formad – ach is i ngan fhios beagnach a déantar sin. Rud atá thar a bheith éifeachtach measaim.

Tá léaráidí gleoite le Cathy Brett ag dul leis na leabhair.

Lámh Mharbh Abú!
Nuair a chloiseann na bleachtairí óga Ben agus Sam cnag ar an doras, céard a bheadh rompu ach lámh cnámharlaigh agus é sa tóir ar a chorp! Mistéir, dainséar agus cnámha ar iarraidh.

Mac Tíre… Dáiríre!
Tá madra éalaithe agus na bleachtairí óga Ben agus Sam sna sála air. Oíche amháin feiceann siad mullach fionnaidh agus fiacla móra sa dorchadas. Ní haon mhadra atá rompu!

Taibhse an Dá Thaobh
Cás eile do na bleachtairí óga Ben agus Sam. Tá taibhse sa mhuileann ach ní gnáth-thaibhse é seo, tá sé gearrtha ina dhá leith! Cé hé féin agus céard a tharla dó?

Brú Fola
Tá na bleachtairí óga Ben agus Sam ar ais agus iad sa tóir ar vaimpírí! Lena héadan geal agus beola dearga, tarraingíonn an cailín nua, Vladya Dortafola, aird gach duine ar scoil. Ach tá rud éigin aisteach fúithi…

Féach bunleagan an léirmheasa ag an nasc seo: http://aonghus.blogspot.ie/2015/07/scealta-sceine-spraoiula.html
Scéalta scéine spraiúla
Léirmheas le hAonghus Ó hAlmhain.