Anna agus Niko

6.95

Stoc ar fáil

Tugann tuismitheoirí Anna fón póca di ar a lá breithe. Ach ní hé an cineál fóin a theastaíonn uaithi é agus caitheann Anna ar an urlár é agus briseann an fón ina smidiríní. Nach uirthi agus ar a deartháir Niko a bhíonn an t-iontas nuair a thosaíonn an fón briste ag bualadh. In Aibreán na bliana 2003 tháinig cúigear scríbhneoirí le chéile faoi choimirce LAF (Literature Across Frontiers). Cuireadh faoi ghlas i mbothán sna Piréiní iad agus ordaíodh dóibh úrscéal corraitheach do dhéagóirí a scríobh, dhá chaibidil an duine. Is é seo an toradh, úrscéal idirnáisiúnta a bhainfidh gol agus gáire as lucht a léite, idir óg agus aosta.

Meáchan 250 g