Aifric

10.00

Stoc ar fáil

Leabhar oifigiúil na sraithe teilifíse Aifric, an chéad chlár drámaíochta Gaeilge riamh le bheith díolta chuig stáisiúin teilifíse ar fud an domhain. An-oiriúnach mar ábhar cainte ag leibhéal ar bith den mheánscoil. Seo leabhar oifigiúil na sraithe teilifíse Aifric — clár grinn TG4 atá tar éis an gradam IFTA don chlár is fearr do dhaoine óga a bhaint dhá bhliain as a chéile, i 2007 agus 2008. Sa leabhar lándaite seo, lán grianghraifeanna agus altanna grinn, tugtar cuireadh isteach duit ar chúl na gceamaraí,le haithne a chur ar réaltaí an chláir, le comhairle grá a fháil ó Aifric is ó Mhaidhc, le fáil amach ó Jimín conas cur isteach ar do chuid múinteoirí.Agallaimh, cluichí, quiozanna, cócaireacht, fiú! – tá siad ar fad ar fáil sa leabhar iontach seo. Sciob AIFRIC léi an gradam IFTA don ‘Chlár is fearr do dhaoine óga’ dhá bhliain as a chéile, 2007 & 2008 agus fuair sé aitheantas le gradam don ‘Chlár is Fearr do dhaoine óga’ ag Féile na Meán Ceilteach 2008 freisin. Tá spéis léirithe sa tsraith ar an margadh idirnáisiúnta, í ceannaithe ag an gcainéal nua Gáidhlige, BBC Alba.

Meáchan 250 g