Formáid Clúdach crua
Seánra Cuimhní cinn
Foilsitheoir Mercier Press
ISBN 9781781178461
An Island Christmas – Nollaig Oileánach
An leagan Béarla de Nollaig Oileánach – cuimhní cinn an scríbhneora Mícheál Ó Conghaile ó Inis Treabhair, Conamara ó dhúchas. Mícheál Ó hAodha a d’aistrigh.
Sa leabhar An Island Christmas – Nollaig Oileánach tugann an scríbhneoir Micheál Ó Conghaile an léitheoir ar thuras ó chroí trína chuid cuimhní cinn d’aimsir na Nollag agus é ag fás aníos ar oileán Inis Treabhair i gConamara.
Aimsir na Nollag atá ag croí an leabhair ach cuimsíonn An Island Christmas – Nollaig Oileánach níos mó ná aimsir na Nollag amháin is tá scéalta na Nollag fite fuaite le scéal leathan an óige, cairdeas agus scéalta faoi na daoine ar an oileán. Téann Ó Conghaile siar ar bhóithrín na smaoine faoi na traidisiúin agus nósanna ar leith a bhí ar an oileán sna 1960í agus 70í nuair a tógadh é. Breathnaíonn sé ar stair shóisialta an oileáin agus tarraingíonn sé pictiúr beoga de shaol an teaghlaigh sa insint phearsanta seo de chultúr an oileáin agus an ré roimh leictreachas a mheallfaidh léitheoirí de gach aoisghrúpa.
Cé nach bhfuil daoine ina gcónaí ar an oileán níos mó, tugann cuimhní Uí Chonghaile léiriú seasmhach ar thábhacht teaghlaigh, pobal agus draíocht na hóige. Má tá Ó Conghaile léite cheana agat nó más é seo an chéad uair agat a chuid scríbhneoireachta a léamh, tugann An Island Christmas – Nollaig Oileánach sracfhéachaint atá lán le croí agus cion ar shaol atá imithe agus é ina ábhar léitheoireachta taitneamhach ag aon am den bhliain.