Saothar critice a fhéachann ar an díláithriú cultúir mar chúlra, mar chomhthéacs agus mar théama lárnach de chuid na nualitríochta Gaeilge. Agus an teoiric iarchoilíneach mar phríomhfhráma tagartha aici, cíorann an t-údar iarmhairtí cultúrtha an imeallaithe agus an mhionlaithe mar atá siad léirithe sa litríocht féin agus sa tráchtaireacht chriticiúil a rinneadh go dtí seo uirthi.
Tá an plé sa leabhar bunaithe ar an tuiscint nach ionann díláithriú agus dísciú, nach ionann imeallú agus goin mharfach, agus nach ionann mionlú agus díothú iomlán cultúir. Más mar chuid de thionscnamh díchoilínithe athbheochana a cuireadh tús le gluaiseacht na nualitríochta sa Ghaeilge, is é an toradh a bhí ar an iarracht ná dioscúrsa bríomhar mionlaigh, dioscúrsa liteartha agus critice a thugann léargas ar leith ar staid chultúrtha na tíre seo le breis agus céad bliain anuas. Is é cuspóir an leabhair cheannródaíoch seo ná saincháilíochtaí an dioscúrsa sin a ríomh agus a chur á bplé.
Roghnaíodh Trén bhFearann Breac mar an leabhar is fearr sa Ghaeilge ó thús na mílaoise in Comhar (Nollaig 2013).
(Seo é an t-eagrán faoi chlúdach crua.)