Sladmhargadh!

Tom a’ tSeoighe – Amhráin

Leathchéad amhrán, nótaí agus dhá CD atá le fáil i Tom a’ tSeoighe: Amhráin agus é curtha in eagar ag Síle Denvir agus Ciarán Ó Fátharta.

8.13

Stoc ar fáil

Leabhar + 2 CD. Leathchéad amhrán le Tom a’ tSeoighe atá i Tom a’ tSeoighe: Amhráin, cuid acu atá go mór i mbéal an phobail cheana féin, leithéid ‘Baile Aerach Leitir Móir’ agus ‘Amhrán Leeds’ agus cuid eile nár cloiseadh fós. Curtha in eagar ag Síle Denvir & Ciarán Ó Fátharta.

 

Tá Tom a’ tSeoighe ar dhuine de na filí is bisiúla i gConamara agus cloistear amhráin dá chuid á gcasadh go coitianta ag amhránaithe Chonamara.

Tá trascríobh ceoil de na foinn agus dhá dhlúthdhiosca leis an leabhar freisin le fonnadóirí a spreagadh chun foghlama agus chun aithrise.

 

Tugtar léargas ar an saol a chaith Tom sa leabhar seo freisin, agus tá a ghlór sainiúil féin le cloisteáil sa réamhrá cuimsitheach a thugann eolas faoina shaol, faoi na hamhráin a chum sé agus faoin gcomhthéacs bisiúil cultúrtha inar cumadh agus ina gcastar iad.

 

Meáchan 300 g