Sladmhargadh!

Titim agus Éirí

9.00

Stoc ar fáil

Tá aithne ag an saol fódlach, agus pobal na Gaeilge go háirithe, ar Dhiarmuid Breathnach as a chuid scríbhneoireachta, an bhaint a bhí aige le Cumann Merriman, a chuid craoltóireachta le RTÉ agus, thar aon ní eile, i ngeall ar a chuid oibre leis na naoi n-imleabhar den saothar Beathaisnéis, breis agus 1,700 cuntas ar bheathaí mhórphearsanra na Gaeilge ón mbliain 1560 anuas, a thabhairt ar an saol.

Ach an babhta seo tugann Diarnuid aghaidh ar a bheatha féin. Nochtar scéal a ghiniúna, a óige agus é ag fás aníos i gContae Chill Mhantáin, a chuid scolaíochta i mBré agus i mBaile Átha Cliath ina dhiaidh sin, é faoiscáth an bhochtnais, go háirithe ón uair a cailleadh a athair agus an tionchar diúltach a bhí aige sin a bhí ar a mheon féin ar feadh i bhfad.

Déantar cur síos dúinn ar an gceird a ghlac sé chuige féin: an leabharlannaíocht. Cuid tábhachtach dá shaol ón tús ab ea an Ghaeilge agus tugtar léargas ríspéisiúil don léitheoir ar shaol na Gaeilge sa Pháil ó na 1940idí ar aghaidh.

Agus na ceithre scór sroichte anois aige is dual don bheathaisnéisí a scéal féin a insint.

Meáchan 250 g

Tuigtear ó chéad abairt Titim agus Éirí go bhfuil guth ar leith ag labhairt: ‘I saol duine i í a ghiniúint an nóimead is míorúiltí’. Thuill Diarmuid Breathnach móraitheantas ina cháilíocht mar chomhúdar (i dteannta Mháire Ní Mhurchú) na sraithe máistriúla Beathaisnéis. Tá an daonnacht, an fhiosracht, an éírim cinn agus an chríochnúlacht a bhain le sraith Beathaisnéis le brath chomh maith ar Titim agus Éirí.

Cé go bhfuil an t-údar anois sna hochtóidí is beag den maoithneachas nó den seanduine-a-mbeadh-cos-amháin-leo-san-uaigh-eachas atá le brath ar an gcuid seo den leabhar. (Cuimhnímis nach raibh Peig ach i dtús na seascaidí agus í ag cur gothaí seanmhnáuirthi agus a dírbheathaisnéis á deachtú aici). Tá spiorad agus anam Titim agus Éirí le haithint ón gclúdach féin mar a bhfaightear grianghraf de Bhreathnach mar a bheadh réalta scannáin ann, fear óg agus gruaige chiardhubh air, é suite cois cuntair agus postaer de bhanaisteoir as Hollywood nó banamhránaí éigin cáiliúil de chuid na ré le feiscint laistiar de. Is maith ann an meabhrú taibhsiúil seo nach saol dubh agus bán an chruatain agus na himirce a chaith scríbhneoirí Gaeilge uile ghlúin Dhiarmuda.

Mar chraoltóir agus mar scoláire tuigeann Breathnach go bhfuil an scéal beag agus an scéal mór ann. Is é scéal beag an leabhair seo scéal a bheatha féin agus saol a theaghlaigh agus go háirithe a thógaint i gCill Mhantáin agus an caidreamh a bhí aige lena ghaolta i dTiobraid Árann. Chaith Breathnach saol eachtrúil agus tá blas ar leith ar scéalta agus eachtraí a óige Ach is í an mhacántacht a thugann ar an údar féachaint go fuarchúiseach air féin a fhágann go mbíonn an léitheoir tógtha le scéalta a bhfuil leaganacha de chuid acu léite nó cloiste cheana. Ba dhóigh leat uaireanta gur ábhar gaisce an cur síos maoithneach a bhíonn ag údair áirithe agus iad ag trácht ar an saol crua a bhí acu.
Titim agus Éirí, léirmheas le Róisín Ní Ghairbhí, Comhar, Samhain 2013

Tá an chéad leath de dhírbheathaisnéis Dhiarmada Bhreathnaigh, ‘Titim agus Éirí’ ar dóigh ar fad, nó cur síos atá ann ar an dóigh a raibh an saol ag daoine ag tús agus lár an chéid seo caite. Bhí athair an Bhreathnaigh ina chléireach óg státseirbhíse – agus ina Gheilgeoir – a scuabadh isteach in Arm na Breataine ag tús an Chéad Chogaidh Dhomhanda, le náisiúin bheaga a chosaint. Thréig séan t-arm in 1917 go ndeachaigh ar a choimhéad, eagla air go mbeadh air troid in éadan a mhuintire féin. Throid sé i gCogadh na Saoirse agus ar thaobh na Poblachta i gCogadh na gCarad.

Tá blas sa leabhar ar an nimh a bhí san fheoil sa Deisceart sna 20idí de bharr Chogadh na gCarad. Dhiúltaigh an Saorstát nua an t-athair a chur ar ais ina phost, gur chaith drochmheas smál ar a charachtar.

B’shin mar gur throid sé ar thaobh na Poblachta. Ní bhfuair sé an post ar ais gur bhailigh Fianna Fáil neart, beart a d’fhág go raibh sé ábalta pósadh.

Ansin fuair sé bás go hóg. Fágadh a bhean ar an ghannchuid, pinsean 8s 6d (£108.30) sa tseachtaine aici féin agus ag a beirt pháistí. Ní hiadsan amháin a bhí ar an ghannchuid, agus go raibh orthu dul i muinín seifteanna le maireachtáil. Bhí na Breathnaigh in eastát de chuid na Comhairle i mBré. Bhí comahrsana ann a ligeadh an teach s’acu amach ar cíos sa samhradh do lucht saoire. Chuireadh na comharsana fúthu i seancharráiste iarnróid sa ghairdín.

Le linn an Dara Cogadh Domhanda théadh an Breathnach síos go Tiobraid Árann chuig uncail leis mar shaoire an tsamhraidh. Níór bhac an teaghlach le clúidíní: ‘is cuimhin liom an leanbh ab óige a fheiscint ina sheasamh i gcófra tae agus sop tuí faoina cosa.” Tá spléachadh ar chomh cúng is a bhían saol in Éirinn ann. Bhí an Breathnach ina theachta ar Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge sna 40idí malla. Theip ar rún a mhol sé go mbeadh cead sean-válsaí a sheinm ag céilithe.

Ba leabharlannaí tamall i mBré é: nuair a thosaigh sé, bhreactaí ‘NGC’ (Not for General Circulation) ar úrscéalta áirithe agus ní raibh cead ag daoine faoi aois 25 bliain iad a fháil ar iasacht.

Tá cáil ar an Bhreathnach féin mar chraoltóir agus mar dhuine orthu siúd a chuir ‘Beathaisnéis’ le chéile, acmhainn ag duine ar bith a chuireann suim i saol na hÉireann. Agus is acmhainn eile éan leabhar seo.
Titim agus Éirí: Léirmheas le Anton Mac Cába, An tUltach, Lúnasa 2013

Níl duine ar suim leo cúrsaí na Gaeilge nach n-aithníonn ainm an údair seo, agus nach mór acu a bhfuil curtha i gcrích aige, go háirithe lies an mór-shaothar uaid féin i gcomhar le Máire Ní Mhurchú, an tsraith Beathaisnéis. Ba mhaise é ar cheird na leabharlannaíochta agus is fial a roinneann sé a chuid eolais. Agus an ceithre scór scoite aige, chinn sé ar a bheathaisnéis féin a bhreacadh, go háirithe is é ag ceapadh gur bhreá an rud é dá mbeadh cuntas ar shaol a sheanmhuintire féin, a rugadh roimh an nGorta Mór, le léamh aige, agus go bhfuil seans go bhfeicfidh a gharchlann túß an 22ú haois. Níl dabht ach go bhfuil léargas tugtha aige ar gach gné den saol, an gnáthshaol laethúil, deacrachtaí a lean bás a athar is a iarrachtaí socrú ar shlí bheatha, saol fir óig ag triall ar rincí is chomhluadar, saol na Gaeilge ar feadh sciar mhaiht den fhichiú haois, is a shaol mar leabharlannaí.
Titim agus Éirí le Diarmuid Breathnach
Léirmheas First Flush, BOOKS IRELAND, April 2013

Bhí dúil riamh ag Diarmuid Breathnach, sa scríbhneoireacht, ach go luath ina shaol bhraith sé nach raibh aon saothar cruthaíoch ar a chumas agus go gcaithfeadh sé díriú ar aistí eolais. Foilsíodh a chéád aiste san iris Comhar, Iúil 1954. Ó shin i leith foilsíodh raidhse aistí aige in irisí éagsúla maraon leis an dá leabhar Almanag Éireannach agus Almanag Éireannach 2 agus naoi n-imleabhar sa tsraith Beathaisnéis, a scriobh sé i gcomhar le Máire Ní Mhurchú, ina bhfuil breis agus 1,700 cuntas ar bheathaí mhórphearsana na Gaeilge ón bhliain 1560.

Agus ag cur síos ar an chomh-pháirtíocht a bhí idir é féin agus Ní Mhurchú ar feadh breis agus daichead bliain, deir sé go bhfuil sise níos éifeachtaí agus níos críochnúla ná eisean i mbun taighde, agus gur fearr an taithí atá aige féin ar an scríbhneoireacht. Tá léiriú ar a chumas scríbhneoireacht. Tá léiriú ar a chumas scríbhneoireachta sa chuntas seo ar a bheatha féin, cuntas ar thug sé faoi nuair a bhí bliain agus ochtó slánaithe aige. Ní hamháin go bhfuil léargas suimiúil le fáil ann ar an údar féin agus ar a mhuintir, ach tá leis tuairisc rí-péisiúil ar shaol chosmhuintir na hÉireann le linn a óige.

Cén fáth ar thug sé faoi? I gcaibidil deiridh an leabhair deir sé ‘I measc na dtíolaicthí a bhronn Dia orm, agus ar mo leithéidí i mbailte oirthear na tíre tá an bá marthanach leis na glúnta a tháinig romhainn.’ Rugadh seanaithreacha an Bhreathnaigh roimh Ghorta Mór agus thabharfadh sé fortún ar a gcuimhní cinn siúd bheith aige le léamh ‘go mblaisfinn den mhioneolas pearsanta a bheadh iontu.’

Tá an bá sin leis na glúnta roimhe le feiceáil sa tochailt a rinne sé chun eolas fháil faoina athair, Pádraig Breathnach, a fuair bás agus gan ach naoi mbliana d’aois ag a mhac. Státseirbhíseach ab ea Pádraig, a liostáil in arm na Breataine i 1914, ach toisc gur thréig sé an tArm chaill sé a phost sa státseirbhís agus ní bhfuair ar ais é go 1930. Chaith sé roinnt blianta ina thimire ag Conradh na Gaeilge i dTiobraid Árann, áit ar casadh máthair an údair air. Is léir cion agus ardmheas ag an údar ar a mháthair, arbh éigean di beirt chlainne a thógáil ar an ghannchuid nuair a fágadh ina baintreach í. (Ní pinsean stáit ar fáil do bhaintreach ag an am).

Is uaithi a fuair sé bailiúchán mór d’fhocail Ghaeilge a bhí sa chaint aici gan fhios aici gur focail Ghaeilge iad. D’éirigh lena mháthair áit a fháil dó in institiúid de chuid na mBráithre Críostaí, Áras Uí Bhriain i mBaile Átha Cliath, agus bíodh go raibh saol crua ag na daltaí ann tá sé buíoch as an oideachas a fuair sé ann agus an dúil a chothaigh aistriúcháin an Ghúim ann i léitheoireacht na Gaeilge. Fuair sé scoláireacht ansin go Coláiste na mBráithre Críostaí i nDún Laoghaire.

Agus é ag cur síos ar a óige, ní dhearna an Bhreathnach aon iarracht laoch ná naomh a dhéanamh de féin. De thoradh na mblianta a chaith sé ag plé le beatha daoine eile is maitha thuig sé nach iad mórghaiscí duine is suim leis an léitheoir i gcónaí, go mbíonn fiosracht air freisin faoi mhionsonraí a shaoil, faoi na nithe pearsanta sin chuireann in iúl don léitheoir gur duine daonna mar chách an té atá faoi chaibidil. Is geall le faoistín cuntas an údair ar dhuailcí agus ar an náire a bhí air de bharr an bhochtanais.

D’éirigh leis scoláireacht ollscoile a fháil ach ní dhearna sé riamh na scrúdaithe BA agus chaith bliain gan phost. I Leabharlann Láir na Mac Léinn, i mBaile Átha cliath a fuair sé post ar deireadh. Bhí an taithí a fuair sé ansin inchurtha nó níos fearr ná oideachas ollscoile.

Mar a deir sé féin: ‘Aon chuntóir leabharlainne a chaithfeadh sé lá na seachtaine ag aimsiú leabhar ar sheilfeanna is i nganfhios dó féin a d’éireodh sé fíoreolach i dtaobh cérbh iad na príomhúdair i gcás cineáil ar bith léinn. Nuair a d’fhágfas an leabharlann sin tar naoi mbliana déarfainn go raibh tuairim 40,000 teideal ar bharr mo ghoib agam.’ Ag obair i leabharlanna éagsúla a bhí sé go bhfuair sé post i Leabharlann Láir RTÉ i 1967. Ach ní obair fad a bhí ar siúl aige, ná baol air. Bhí beocht ar leith i saol sóisialta Gaeilgeoirí i gceantar Bhré agus é ina fhear óg, idir imeachtaí Chonradh na gaeilge agus an Réalt. Tá cumha le brath sa chur síos ar na cairde a rinne sé, ar a ndúil sa cheol agus ar na cuairteanna a thug siad ar an Ghaeltacht. Ní ag ócáid Ghaelach ach ag rince sa Metropole, áfach, a casadh air an bhean a raibh sé lena pósadh cúig bliana ina dhiaidh sin.

Tar ési an chuntais ar a mí na meala i 1960, sciorrann an t-údar thar na bliana ina dhiaidh sin. Is beag atá le rá aige faoin chaidreamh a bhí idir é féin agus a bhean, a fuair bás i 1987, ná faona thriúr clainne. Is mó a dhíríonn sé sna sé chaibidil deiridh ar a chuid oibre in RTÉ, ar Chumann Merriman, ar an obair ar na beathaisnéisí agus ar shaothair eile iriseoireachta. Botún amháin ag tús caibidil 23 nach bhfaca an léitheoir profaí: deirtear go raibh alt seachtainiúil aige sa pháipéar Agus. An páipéar Anois a bhí i gceist aige.

In 2002 agus seacht n-imleabhar de Bheathaisnéis i gcló bhronn Ollscoil Éireann dochtúireacht ar an bheirt údar. Is ábhar mór sásaimh dóibh go bhfuil na himleabhair ar fad ar fáil anois ar líne – ainm.ie – agus gur féidir leo cur leis na beathaí agus ceartúcháin agus eolas breise a fhí isteach. Is cinnte go mbeidh na glúnta atá le teacht go mór faoi chomaoin acu as a gcuid saothair agus thar a bheith buíoch don Bhreathnach féin as an mhioneolas atá tugtha aige sa chuntas ionraic soléite seo ar a bheatha féin.
Titim agus Éirí le Diarmuid Breathnach
Léirmheas le Mairéad Ní Chinnéide, FEASTA, Aibreán 2014