Téarmaíocht Ghaeilge na hAthbheochana

Scéal na téarmaíochta Gaeilge le linn na hAthbheochana go dtí 1927. Irish-language terminology during the Revival until 1927.

20.00

Stoc ar fáil

Ríomhtar sa saothar seo scéal na téarmaíochta Gaeilge le linn na hAthbheochana go dtí 1927 nuair a chuir an Roinn Oideachais de Rialtas Shaorstát Éireann coiste téarmaíochta ar bun. Féachtar ar staid na téarmaíochta Gaeilge lena linn sin agus déantar iniúchadh ar an phlé a rinneadh faoi mhaoirseacht shaothrú na téarmaíochta maidir le coistí nó acadaimh téarmaíochta agus eile. Scrúdaítear seifteanna ceapadóireachta na téarmaíochta idir chumadóireacht agus iasacht, agus ról na teanga beo agus theanga na seanlitríochta i nuachóiriú an fhocalstóir Gaeilge. Breathnaítear ar ról agus stádas na Gaeilge mar theanga náisiúnta agus ar an tionchar a d’imir sé sin ar thuairimí phobal na Gaeilge i dtaobh na teanga agus na téarmaíochta féin. Tá réimse leathan de na hailt agus de na foinsí bunaidh curtha san áireamh sa saothar – rud a chuireann go mór le tuiscint an lae inniu ar mhórscéal seo na hAthbheochana.

Meáchan 250 g
Foilsithe

2014

Léirmheas le Liam Mac Amhlaigh in COMHAR Taighde, 24 Samhain, 2015

‘Éiríonn leis, den chéad uair i saothar acadúil, meascán d’éabhlóid na Gaeilge le linn na hAthbheochana a cheangal go córasach leis na díospóireachtaí poiblí a bhí ann faoin téarmaíocht taca an ama chéanna.’

Léirmheas iomlán anseo


Léirmheas le An Reiviú, Léann Teanga
‘Is é dualgas an léirmheastóra idir bhuanna agus laigí leabhair a shonrú. Ach bhí na léirmheastóirí seo ar aon intinn nach raibh easnaimh ar shaothar Mhig Eacháin. Caitheadh dua lena leagan amach.’

Léirmheas iomlán anseo


Robert McMillen The Irish News, 23 Lúnasa 2014

Leabhar úr ag cur síos ar théarmaíocht na Gaeilge le linn aimsir na hAthbheochana Fuair mé trí leabhar ón fhoilsitheoir Chois Life an tseachtain seo agus cuma shuimiúil ar gach ceann acu. Ní bhfuair mé deis ach ceann amháin a léamh agus b’fhiú go mór é. Is é an Dr Conchúr Mag Eacháin, Eagarthóir Taighde le chuid Fiontar in Ollscoil Bhaile Átha Cliath, a scríobh Téarmaíocht Ghaeilge na hAthbheochana , leabhar a chuireann síos ar chur chuige agus ar fhealsúnacht, ar sholáthar agus ar cheapadh téarmaíochta na Gaeilge le linn na tréimhse ar a thugtar an Athbheochan.

Ach ba mhó an tsuim a chuir mé féin sa chéad chaibidil, ‘Súil siar ar staid na téarmaíochta Gaeilge’, mar b’ann a bhí cuid mhór lóin mhachnaimh. Bím féin ag smaoineamh go minic ar chúrsaí téarmaíochta agus mé mar iriseoir ag an nuachtán seo. Is minic a bhíonn rúdaí le haistriú agam agus cionn is gur mhaith liom a oiread éagsúlachta agus is féidir a chur ar na leathanaigh, bíonn ábhair áirithe a mhaineann go leor téarmaíochta ag baint leo le haistriú agam, ó chúrsaí sláinte go dtí an popcheol. (Níl a fhios agam cé acu is féidir béarlagair síor-athraitheach na n-óg a aistriú nó nach féidir – nó ar fiú féin – ach sin ceist do lá eile. Le theacht focal.ie, ta focalstór dochreidte ag lucht na Gaeilge agus iad ag plé le cúrsaí casta an saoil seo agus is é an teachtaireacht is tábhachtaí a eascraíonn as leabhar Conchúir ná go bhfuil an Ghaeilge lán-acmhainneach don 21ú céad agus gach céad ina dhiaidh sin.

Aithníodh sin fada ó shin. Ar na hathfhriotail is túisce atá sa leabhar, ta an méid seo ó alt a scríobh Séan Léimeann san iris Irisleabhar na Gaedhilge, Samhain, 1882: “Is aois iontas an aois seo; tá ualaí á dtarraingt ar bhóithre agus talamh á threabhadh le bríonna tine agus uisce … Is féidir teachtaireacht i scríbhinn a chur timpeall na cruinne arís agus arís I gceathrú uaire an chloig; agus is féidir le beirt caint a dhéanamh le chéile agus leithead baile mhóir eatarthu. Déantar íomhánna a dhealbhú le gathanna na gréine agus i sméideadh súl, agus soilsítear bailte móra le solas electreach; agus mar sin do chéad ní eile … níl ainm Gaeilge ar aon ní a cumadh, nó a fuarthas amach le déanaí, ach dar ndóigh is é an cás céanna i mBéarla é: ní Béarla telegraph, telephón, geometrí, ná a samhail, agus tá an Ghaeilge chomh hoiriúnach chun a cuma féin a chur ar bhriathra iasachta le haon teanga sa domhan,” (Curtha sa Caighdeán Oifigiúil (1958) ag an údar.) Anois, bhí Pléimeann ag caint ar theicneolaíocht úr na linne agus tá forbairt an lae inniu ag cur mearbhall orainne agus an Ghaeilge ag streachailt le choinneáil suas leo ach le 120 éigin bliain, tá lucht na Gaeilge, idir dhaoine aonair agus eagraíochtaí, ag cruthú go bhfuil an Ghaeilge inchurtha le castacht an lae inniu.

A bhuíochas do focal.ie agus potafocal.ie agus foclóirí eile ar nós acmhainn.ie agus na foclóirí a bhaineann leis an Aontas Eorpach, na sainfhoclóirí ar ghnéithe áirithe – ríomhaireacht, na meáin, eolaíocht, etc. – tá cúrsaí i bhfad níos fearr ná mar a bhíodh siad. Sílim gur chuidiú é fás na Gaelscolaíochta agus daoine óga ag cluinstin na dtéarmaí úra seo ar scoil mar chuid dá n-oiliúnt laethúil, sna heaolaíochtaí, mata, corpoideachas agus sna hábhair eile ar an churaclam. Níl an doicheall céanna roimh an bhéarlagair is a bhíodh. Sin ráite, is cuimhin liom Gael mór le rá amháin ag tabhairt cainte i mBéarla cionn is go mbeadh sé “ró-chasta” é a thabhairt i nGaeilge. Ag an am ceanna, bhí comhrá mór fada agam le Gaeilgeoir óg faoin choillíneachas agus teoiricí polataíochta gan muid dul i dtuilleamaí an Bhéarla ar chor ar bith. B’fhéidir go bhfuil muid ag caitheamh barraíocht fuinnimh ar an téarmaíocht, mar a bheadh trófaí ann a ligfeadh isteach i gcumann na mórtheangacha muid.

Is é an rud is mó a chuireann imní ormsa ná drochchaighdéan na teanga labhartha agus ní i measc an aosa óig amháin. Tá sé tábhachtach go bhfuil Gaeilge againn ar “capitalization of profits”, agus ar “enzyme linked immunosorbent assay” agus ar “barbershop harmony” féin ach cad é faoi so, but, sort of, really, focail tar a bheith simplí ata le cluinstin sa Ghaeilge in áit, mar sin de, ach, cineál, agus i bhfírinne faoi seach. Tá daoine ag baint úsáid as leaganacha Béarla in áit na bhfocal agus na bhfrasaí is simplí sa Ghaeilge. Tá siad ag learnáil agus stopáil agus ag míle rud eile-áil. Sin ráite, tá neart rudaí le foghlaim ó Téarmaíocht Ghaeilge na hAthbheochana, leabhar atá bunaithe cuid mhór ar ailt a foilsíodh ag tús an chéid seo caite. Ta sé ar bhuanna an leabhair na go bhfuil na hailt seo uilig le fáil ar dhlúthdhiosca ar chúl an leabhair, mar sin is féidir iad a léamh ina iomláine. Sa chéad caibidil, cuirtear i gcuimhne dúinn go bhfuil focail agus téarmaí iasachta ag teacht isteach sa Ghaeilge riamh anall, ó théarmaí eaglasta na Laidine, go téarmaí loingseoireachta na Lochlannach agus dlí na Normannach. Tá na focail iasachta seo chomh fada sin sa teanga nach n-áitíonn muid gur focail iasachta iad ar chor ar bith. Ach níl teanga ar bith ann nach bhfuil focail iasachta ann. Tá sé ar bhuanna an Bhéarla gur chaomhnaigh siad focail iasachta ón impireacht ollmhór a bhí acu ach thosaigh sé amach mar mheascán de chanúintí Gearmánacha idir an 5-7ú céad. Tá sé anois ina lingue franca ar fud na cruinne. Ní ghlacfaidh an Ghaeilge a áit ach níl fáth ar bith nach dtiocfadh leis an Ghaeilge bheith chomh forbartha le teanga ar bith. Ag scríobh i réamhrá An Irish-English Dictionary a foilsíodh i bPáras in 1732, dúirt na húdair, Conchubhair Ó Beaglaíoch agus Aodh Bhuí Mac Cuirtín: “Of all the dead or living languages none is more copious and elegant in expression, tho’ it had been declining these five hundred years past – whereas most of the modern tongues of Europe, have been polishing and refining all that long series of time … Nevertheless, as it is, it will be found inferior to none.” Bíodh súil agam go mbeidh sé amhlaidh go deo na ndeor. Tá Téarmaíocht Ghaeilge na hAthbheochana scríofa ag Conchúr Mag Eacháin agus foilsithe ag Cois Life ar 20 euro.