Pluid: scéal na mBlocanna H 1976-81

10.00

Stoc ar fáil

I 1976 thosaigh rialtas na Breataine ag maíomh nach raibh i bpríosúnaigh phoblachtacha sa Tuaisceart ach coirpigh. Sheas na príosúnaigh air gur cimí polaitiúla a bhí iontu: dhiúltaigh siad éide an phríósúin a chaitheamh agus obair an phríosúin a dhéanamh. Idir 1976 agus 1982 mhair na céadta díobh ina gcillíní sna Blocanna H gan d’éadaí acu ach pluid, agus a mbanchomrádaithe i bPríosún Ard Mhacha ar stailc níocháin. Chríochnaigh agóid na pluide le stailc ocrais a tharraing aird an tsaoil mhóir, agus fuair deichniúr bás.

Agus Eoghan Mac Cormaic as Doire faoi ghlas sna Blocanna H, chaith sé 1,960 lá ar an agóid seo: 1580 lá ‘ar an phluid’ agus stailc níocháin, agus 380 lá ar stailc oibre i ndiaidh na stailceanna ocrais. Cuireann sé síos anseo ar an saol sna Blocanna, idir gháire agus ghruaim. Is scéal corrach é, scéal daonna, agus scéal tábhachtach.

Bronnadh an chéad duais le haghaidh saothar do dhaoine fásta air i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2021. Bhí an méid seo le rá ag na moltóirí:

“Insint eisceachtúil ón taobh istigh atá anseo a chuirfidh leis an taifead stairiúil agus lenár dtuigbheáil ar an tréimhse agus ar tharla inti. Tá ardmholadh tuillte ag an údar as saothar tábhachtach a sholáthar do phobal léitheoireachta na Gaeilge.” 

“Fríd an scéal uilig, léirítear spiorad na gcimí ar bhealach neamh-mhaoithneach. Baineann an t-údar úsáid as greann agus tá stíl tharraingteach scríbhneoireachta aige a mheallann an léitheoir isteach sa phríosún leis.” 

Toisí 150 × 15 × 210 cm