Oidhreacht Sheáin Uí Riada, curtha in eagar ag Gearóid Denvir. Foilsithe ag Oireachtas na Gaeilge mar chuid de Thionscadal Comórtha 125 bliain an Oireachtais. Clúdach bog.
Ar an 3 Deireadh Fómhair, 1971, seachtainí beaga roimh fhéile Oireachtas na bliana sin, a bhásaigh Seán Ó Riada agus gan ach an dá scór bliain curtha de aige. Cumadóir ceoil a bhí ann a raibh grinnstaidéar déanta aige ar an gceol clasaiceach agus ar cheol traidisiúnta ár sinsear agus bhí cliú agus cail ar a chuid ceolchoirmeacha spleodracha. Tá anáil Uí Riada le brath go láidir fós ar cheol agus ar amhránaíocht na nGael agus pléadh a oidhreacht ag siompóisiam a d’eagraigh an tOireachtas i mBaile Bhuirne in 2021. Is é atá sa leabhar seo cnuasach aistí a bunaíodh ar na léachtaí a thug na húdair Gearóid Denvir, Tríona Ní Shíocháin, John O’Keefe, Peadar Ó Riada agus Seán Ó Sé ag an siompóisiam sin.
ón mbrollach
Tá glúin óg tagtha chun cinn i measc na ndaoine a fhreastlaíonn ar fhéilte Oireachtais go bliantúil ar gnách leo labhairt go nádúrtha faoi Chorn Uí Riada agus a thuigeann go rímhaith an tábhacht atá leis an gCorn i measc Gael, an stádas a bhaineann leis i measc fonnadóirí agus an urraim a bhronntar orthu siúd a bhfuil a n-ainm greanta go deo air. Bheadh tuairim réasúnta maith ag roinnt cérbh é Seán Ó Riada, an té a bhfuil an corn ainmnithe i gcuimhne air, corn a bronnadh den chéad uair in 1972, bliain tar éis a bháis, ar dhuine de mhórfhonnadóirí ár linne, Treasa Ní Mhiolláin, as Inis Mór, Árainn.
Mar sin féin, is beag an líon daoine a bhfuil cur amach maith acu ar a thréithe, a phearsantacht, a spiorad réabhlóideach, a shárintleacht imchomharcach, an ghlóirmhian a bhí ann i dtaca leis an gceol agus le cumadóireacht an cheoil.