Leabhar ina ndéantar cur síos ar chuid mhaith a tharla le linn na mblianta trioblóideacha 1920 – 1921 i gConamara Thiar. Is é Micheál Ó Máille, Príomhoide Scoil Náisiúnta Bhriocáin ar an nGort Mór a chuir an leabhar i dtoll a chéile.
Ag scríobh dó ag tús Fréamhacha na Saoirse i gConamara Thiar 1920 – 1921 dúirt Ó Máille gur mithid omós a léiriú do na daoine a bhí gníomhach ar son na saoirse.
“Tá muid ag teannadh le céad bliain tar éis do phobal na tíre seo éirí amach agus diúltú glan d’údarás Impireacht Shasana, greim a bhí docht daingean le os cionn ocht gcéad bliain roimhe sin. Le linn na hama sin bhí chuile iarracht déanta ag na Sasanaigh cultúr na tíre seo a scrios agus ceannasaíocht iomlán a fháil ar chuile pháirt den tír.
Ar ndóigh níor luigh na Gaeil síos agus throid chuile ghlúin acu go cróga in aghaidh na Sasanach le linn na hama sin. Insíonn an stair dúinn gur éirigh na Gaeil amach ina gcoinne go láidir i 1798, 1848 agus ar ndóigh arís i 1916. Cé nár éirigh leis na feachtais sin, bhí an síol curtha don chéad ghlúin eile díoltas a sinsear a bhaint amach.
Ní i bhfolach a chuaigh muintir Chonamara le linn na gcathanna sin ar fad ach is ceart a rá go ndearna siad éacht mhór le linn a gcuid íobairtí sna blianta 1921 agus 1921. Tá sé ceart agus cóir an méid aitheantais agus atá muid in ann a thabhairt do na laochra sin anois.
Cuirfidh sibh eolas sa leabhar seo ar na hÓglaigh a d’fhág a dteaghlaigh féin gan traenáil, pingin ná leith phingin agus a sheas buille ar bhuille leis an arm ba chumhachtaí a bhí ar an domhan ag an am.”
Caibidlí
- Conamara ag tús na fichiú haoise
- Réabhlóid
- Luíochán Scríob agus ionsaí na tans ar Ros Muc
- Trioblóid i dTuaisceart Chonamara
- Pearsa
- Seoirse Standun
- Petie Mac Domhnaill
- Colm Ó Gaora
- Pádraig Ó Máille T.D. / M.P.
- Pádraig Ó Conghaile
- Pat Chonn Ó Niaidh
- Alice Ní Chonghaile
- Pat Geoghegan
- Eugene Gillen
- Tuairimí Scoláirí Scoil Bhriocáin faoi Chogadh na Saoirse
- Críoch