Níl stoc ar fáil

Focail le gaois

Seoda cainte na n-údar mór ó gach ré ón tSean-Ghréig go Baile Átha Cliath: seoda tuisceana, tarcaisne, géarchúise agus grinn.

7.50

Níl stoc ar fáil

Seoda cainte na n-údar mór, roghnaithe agus curtha in eagar anois: seoda tuisceana, tarcaisne, géarchúise agus grinn le húdar ó gach ré ón tSean-Ghréig go Baile Átha Cliath. Bhí dhá chuspóir roimh Antain Mac Lochlainn agus é ag gabháil don leabhar seo: díolaim a chur ar fáil do lucht na Gaeilge a bheadh cosúil leis an Oxford Dictionary of Quotations agus léargas a thabhairt ar an éacht aistriúcháin atá déanta ag aistritheoirí Gaeilge ó thús na hathbheochana. Nathanna gonta ar an mbás, ar an mbeatha, ar ghrá agus ar ghnéas, ar an bpolaitíocht, ar chreideamh agus a lán téamaí eile. Áis riachtanach don iriseoir, don óráidí, don scríbhneoir agus d’aon duine a bhaineann sult as an deisbhéalaí. Tá léargas ann freisin ar an sciar fairsing de litríocht an domhain atá aistrithe go Gaeilge. ‘Dá mbeadh gach rud faoi réir an phrionsabail súil ar shúil agus fiacail ar fhiacail, d’fhéadfadh go mbeadh an náisiún dall agus ar easpa fiacal.’  Alexander Dubçek ‘Dúirt Platón go raibh ceithre páirteanna sa mhealladh, ach ní raibh mealladh Chléapatra i dtaobh leis an méid sin.’ Plútarc ‘Ba é mo thuairim nach mbíonn na hÉireannaigh beagchainteach ach amháin san achar idir a seacht agus a deich a chlog ar maidin.’ Heinrich Böll.

Meáchan 250 g
Leathanaigh

148

Foilsithe

2002

– 8 Samhain 2002

Seoid bheag is ea leabhar nua Antain Mhic Lochlainn, Focail la Gaois – Seoda cainte na n-údar mór. Díolaim cosúil leis an Oxford Dictionary of Quotations atá ann. Faraor, b’éigean don údar é féin a theorannú maidir leis an ábhar a ransaigh sé i gcóir ráitis don leabhar – ní raibh foireann taighdeoirí aige mar a bheadh ag mhuintir Oxford agus mar sin ní raibh sé ábalta litríocht na Gaeilge uilig a léamh. Theorannaigh sé é féin don sciar sin de litríocht na Gaeilge ar aistríodh ó theangacha eile é. Bhí sé sin ag teacht le spéis an údair i gcúrsaí aistriúcháin – tá Mac Lochlainn ar dhuine des na haistritheoirí is fearr sa tír. Anois nílim ag lochtú an údair as gan gach rud dár foilsíodh i nGaeilge a léamh, ach mar sin féin is trua é nach bhfuil díolaim níos cuimsithí ar fáil ag tarraingt ar shaibhreas phróis na Gaeilge – Máirtín Ó Caidhin, Flann Ó Briain, Alan Titley, Breandán Ó hEithir agus go leor nach iad. B’fhéidir go spreagfaidh leabhar Mhic Lochlainn duine éigin eile le tabhairt faoina leithéid. Foinse – 22 Deireadh Fómhair 2002 Tá misneach ag Antain Mac Lochlainn. Tá sé sásta an ghnáththuairim a bhréagnú. Is é an ghnáththuairim atá ann gur saothar in aisce a bhí in obair an Ghúim i dtríochaidí agus daichidí an chéid seo caite, tráth a ullmhaíodh na céadta aistriúcháin liteartha. Is aistritheoir gairmiúil é Antain Mac Lochlainn, áfach, agus aithníonn sé go ndearna cuid de na haisteoirí seo éachtaí nár chóir dúinn neamhaird a dheánamh orthu. Nuair a chinn sé ar an leabhair seo a chur i dtoll a chéile, d’aithin Antain Mac Lochlainn nach mbeadh sé ar a chumas litríocht uile na Gaeilge a léamh ar mhaithe le seoda beaga a aimsiú. Sin ceann de na fáthanna ar dhírigh sé a aird ar aistriúcháin a foilsíodh, i bhfoirm leabhair, ó thús na hathbheochana go 2000. “Chomh maith le bheith ina leabhar tagartha, is ceiliúradh é an leabhar seo” a deir an t-údar sa réamhrá s’aige, “ar an éacht aistriúcháin a chuireann ar chumas an léitheora Ghaeilge blaiseadh de chlasaicí litríochta an domhain, agus de smaointeoirí móra, gan dul i tuilleamaí an Bhéarla”. Is maith ann an leabhar áirithe seo agus is cinnte go spreagfaidh sé daoine chun súil eile a chaitheamh ar na haistriúcháin uile sin de chuid an Ghúim agus, leoga, ar aistriúcháin na linne seo.