Fáinne an Lae agus an Athbheochan 1898-1900

An chéad nuachtán Gaeilge riamh, foilseachán a thionscain ré úr iriseoireachta agus liteartha.

18.00

Stoc ar fáil

Scéal fiontair ghnó agus athbheochana an chéad nuachtáin Ghaeilge riamh a thionscain ré úr iriseoireachta agus liteartha. Micreacosma den fhlosc luath-athbheochana, agus léargas géarchúiseach ar na príomhphearsana. An scéal inste go spreagúil, léannta, agus an tráchtaireacht fréamhaithe sna foinsí bunaidh, mórán acu nár ceadaíodh cheana.

Meáchan 250 g
Clúdach

bog, crua

Books Ireland, Samhain 1998

Léirionn teideal an tsaothair seo go cruinn cad tá ann ó thaobh ábhair de. An anáil a bhí ag an nuachtán Fáinne an Lae ar shaothrú na Gaeilge óna thús céad bliain ó shin go díreach. Ach is fairsinge ná sin, leis, cúram an leabhair. Cíortar staid na teanga agus staid na litearthachta go mion ag an am, agus pléitear an iriseoireacht agus an pobal maídir le bunú agus fás na nua-litríochta féin. Má tá an chuma ar an scéal go bhfuil fócas an staidéir mós cúng is amhlaidh gur doimhne a dhéantar an scagadh. Fairis sin, tá leathshúil á coimeád feadh an ama ag an údar ar staid scríbhneoireacht na Gaeilge sa lá atá inniu ann agus sinn ar thairseach aoise agus mílaoise nua. Dá bhrí sin, mar le leabhar atá scolártha, léannta, inléite ba dhóigh leat gurb alt creidimh léi an díospóireacht a tíonscnaíodh céad bliam ó shin a choinneáil beo. Is bríomhaire agus is spreagúla an t-iomlán dá réir. Fós, beidh an saothar seo ar cheann de bhunfhoinsí na tréimhse atá sa treis ann. Cló soiléir, páipéar maith, imill raidhsiúla, stíl shainiúil.


Irish Times – 7 Meán Fómhair 1998

Ach ní cur síos fuar stairiúil é seo ar chúrsaí athbheochana…Tá beocht agus meáchan léinn san inse.

Seans gur spéis leat...