Is é an Dinnseanchas saothar deiridh Thomáis Uí Chriomhthain, a d’fhoilsigh An Gúm den chéad uair i 1935. Tá an t-eagrán nua bunaithe ar lámhscríbhinn an údair, agus tá sé maisithe le líníochtaí de chuid an ealaíontóra Tomás Ó Cíobháin. Sa Dinnseanchas, cruthaíonn an Criomhthanach úinivéars trína chuntas ar ainmneacha na mBlascaodaí. Cuireann sé anáil na beatha – daonna agus ainmhíoch -i ngnéithe aiceanta na talún agus na farraige. Tíreolas spioradálta lena chois sin é. Faoi mar a deir sé féin: “Do cheapadh gach nduine acu so gurbh í Parthas, nó sciathán uaidh, an chloch so, agus go mbeidís féin inti an fhaid do bheadh solas insa ghréin.”
Dinnseanchas na mBlascaodaí
Saothar deiridh Thomáis Uí Chriomhthain a chuireann síos ar logainmneacha na mBlascaodaí.
€6.30
Níl stoc ar fáil
Meáchan | 250 g |
---|---|
Leathanaigh | 45 |
Foilsithe | 1999 |
Brian Ó Conchúir, Foinse – 13 Feabhra 2000
…is cinnte go mbeidh díol maith air i measc dílseoirí Chorca Dhuibhne i rith an tSamhraidh go háirithe agus na léaráidí tarraingteacha atá ann.
Books Ireland – Meán Fómhair 1999
‘Eagrán barántúil den téacs a sholáthar, a bheadh soléite san am céanna’ is ea a chuir an t-eagarthóir roimpi, agus ní miste a rá go bhfuil seo déanta go slachtmhar, críochnúil.
Micheál de Mórdha, Foinse – Lúnasa 1999
Cois Life Teoranta a d’fhoilsigh an t-eagrán seo atá chomh deas d’eagrán agus a fhéadfá a fháil.Tá an t-eagrán bunaithe ar lámhscríbhinn an údair féin agus é curtha in eagar go tuisceanach ag Caoilfhionn Nic Pháidín. Is fiú an leabhar a cheannach gan aon chúis eile ach chun breithniú ar an dtarraiceoireacht iontu atá déanta ag Tomáisín Ó Cíobháin ón nGráig chun an leabhar a mhaisiú.