Cois Siúire

15.00

Stoc ar fáil

Cois Siúire

Annraoi Ó Liatháin

Thaisteal Annraoi Ó Liatháin abhainn na Siúire óna tús in aice leis an Teampall Mór i dtuaisceart Thiobraid Árann go gcasann sí le Bearú agus Feoir agus go ngabhann chun na farraige trí Chumar na dTrí Uisce. Tá cur síos taitneamhach anseo ar dhaoine a bhuail leis feadh na slí agus cuireann an t-údar ar an eolas sinn i dtaobh ócáidí iomráiteacha i scéal an cheantair agus i dtaobh áiteanna stairiúla i gcomharsanacht na Siúire.

Léiríonn sé sa leabhar seo an tuiscint ar dhaoine agus ar stair agus an taitneamh don dúlra atá le brath ar a shaothar go léir. Tá stíl éasca thaitneamhach ag Annraoi, stíl shaothraithe a mheallann an léitheoir ar aghaidh go deireadh an leabhair.

Praghas €15, An Chéad Chló 1982, An Clóchomhar

Mapa den turas a rinne Annraoi Ó Liatháin Cois Siúire

Mapa ón leabhar den turas a rinne Annraoi Ó Liatháin.

 

Annraoi Ó Liatháin 

I nDéise Mumhan a tógadh Annraoi Ó Liatháin (1917–1981) cé gur as Liatroim dá athair agus as Aontraim dá mháthair. Tamall i dtús a shaoil le gearrscéalaíocht, tamall ina dhiaidh i ngluaiseacht ghníomhach na teanga ina threoraí faoi Chomhdháil Naisiúnta na Gaeilge, ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge, ina eagarthóir ar irisí éagsúla. Eolas air mar aisteoir agus mar chraoltóir raidió agus teilifíse. Státseirbhíseach i bhForoinn na hIascaireachta. Suas le dosaen leabhar foilsithe aige; ina measc tá úrscéalta, gearrscéalta agus aistí. Bhuaigh scríbhinn an leabhair seo an chéad duais i gcomórtas in Oireachtas na bliana 1981. Cailliúint mhór do scríbhneoireacht na Gaeilge ab ea bás Annraoi Uí Liatháin sa bhliain 1981.

 

 

 

Clár teilifíse ar TG4 le Dr Colm Mac Gearailt 

Leanann an Dr Colm Mac Gearailt lorg Annraoi Ó Liatháin fad na Siúire sa chlár, Cois Siúire, ar TG4. Téann sé ó fhoinse na habhann ar Bhearnán Éile go ceann scríbe ag Rinn Duáin. Mar a rinneadh sa tsraigh Cois Móire roimhe seo, baineann Colm leas as an leabhar Cois Siúire, leabhar a scríobh Annraoi Ó Liatháin, chun é a threorú trí chroílár na Mumhan. Tugtar léargas ar an dúlra, an stair agus ar na pobail bhríomhara atá le fáil le hais na habhann.

Tuilleadh eolais faoin gclár teilifíse nó féach siar air ag an nasc seo ar shuíomh idirlín TG4: https://www.tg4.ie/ga/player/catagoir/faisneis/?series=Cois%20Si%C3%BAire

Meáchan 250 g
Clúdach

bog

Seans gur spéis leat...