Níl stoc ar fáil

Cumann Buan-Choimeádta na Gaeilge: Tús an Athréimnithe

Athscrúdú ar Chumann Buan-Choimeádta na Gaeilge, an t-eagras a leag bunchloch na hAthbheochana.

Faoi láthair, tá an táirge seo as stoc agus níl sé ar fáil.

Saothar taighde a dhéanann athscrúdú iomlán ar Chumann Buan-Choimeádta na Gaeilge, an t-eagras a leag bunchloch na hAthbheochana i measc an phobail agus sa státchóras go háirithe. Is beag dream eile i stair na Gaeilge ar scaipeadh an oiread sin míthuiscintí mar gheall orthu, ach déanann an tOllamh Ó Murchú mionscrúdú anseo ar bhunfhoinsí nár ceadaíodh roimhe seo.

Tagann sé ar thuiscint an-chaolchúiseach de bharr na hanailíse fuarchúisí. Oireann an t-imleabhar seo don tsraith Lúb ar Phár sa mhéid is go gceartaíonn sé dearcadh a bhí an-fhorleathan ach a bhí bunoscionn leis na fíricí. Ollamh Sinsearach i Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, is ea Máirtín Ó Murchú. Iar-Stiúrthóir na Scoile agus iar-Ollamh le Gaeilge i gColáiste na Tríonóide is ea é chomh maith.

Meáchan 250 g
Clúdach

bog, crua

Seán Ó Loingsigh, Feasta – Aibreán 2002

Is saothar cuimsitheach athghabhála atá anseo ar dhream beag dílis a lig an stair i ndearmad. Má tá sé conspóideach ar uairibh, is amhlaidh a chuireann sé sin lena shuimiúlacht.

Pádraig Ó Cíobháin, Foinse – 20/01/2002

Is saothar é seo a cheartaíonn an lúb ar lár a fágadh de bharr an tsimplithe a deineadh sa ‘stair fhada bhisiúil a bhí ag gluaiseacht na Gaeilge sular bunaíodh Conradh na Gaeilge in aon chor’, mar a deir an tOllamh Ó Murchú agus é ag cur na hearráide ar ár súile dúinn. Is í aidhm an údair an fhaillí agus an míbhreithiúnas a chur ina gceart. Léiríonn sé na réamhchonraitheoirí a bheith scuabtha amach as an stair, gur áitíodh easpa éifeachta a bheith ag baint leo, ná rabhadar tionsclach, gur fíorbheagán Gaeilge a bhí acu, agus mar sin narbh fhiú iad a chur san áireamh. ….Is mithid an bhearna a fágadh ar lár i scéal athbheochan na Gaeilge a líonadh. Táimid faoi chomaoin Mháirtín Uí Mhurchú as san a dhéanamh. Ní searbh a bhíonnn an fhírinne i gcásanna mar seo, ach milis. Is maith is fiú d’éinne go bhfuil baint aige/aici le teagasc/foghlaim na Gaeilge, lena hathréimniú, nó gurb é a m(h)isean nualitríocht a sholáthar inti, is maith is fiú dóibh an saothar so a léamh.