Tá an leabhar seo as cló. Tá leabhar aistriúcháin nua leis an údar céanna ar fáil anois anseo. Duais Oireachtais 2002 Gearrchúrsa praiticiúil san aistriúchán ó Bhéarla go Gaeilge é seo a threoraíonn an léitheoir ó na chéad chéimeanna sa phróiseas (an téacs Béarla a mheas agus a thuiscint) go dtí an chéim dheiridh (an leagan aistrithe a mheas agus a phrofáil). Cuirtear síos ar conas na foinsí eolais agus na foclóirí a cheadú agus pléitear na deacrachtaí is minice a thagann aníos san aistriúchán (focail ‘dho-aistrithe’, focail nach bhfuil teacht orthu sna foclóirí agus araile). Tá comhairle ann ar conas tionchar an Bhéarla a sheachaint agus débhrí nó doiléire chomh maith. Tá neart cleachtaí ann a d’fhéadfaí a úsáid sa seomra ranga nó le haghaidh staidéir phríobháidigh. Tá an t-údar, Antain Mac Lochlainn ina chomheagarthóir ar láithreán áiseanna d’aistritheoirí, www.acmhainn.ie.
Cuir Gaeilge air
Gearrchúrsa praiticiúil san aistriúchán ó Bhéarla go Gaeilge.
€10.00
Níl stoc ar fáil
Meáchan | 250 g |
---|
Lá – 13 Meitheamh 2002
Baineann bunús an leabhair le sleachta ó na ráitis a thug daoine éagsúla don choimisiún, idir mhúinteoirí scoile, shagairt, dhochtúirí agus ionadaithe pobail. Tá idir eolas agus tuairimíocht sna sleachta seo agus tugann siad an-léiriú ar staid na Gaeilge i gceantair éagsúla agus ar mheon na ndaoine. …Tá de bhua ag an leabhar seo nach bhfuil na sleachta seo rófhada ach go bhfuil éagsúlacht mhaith roghnaithe ag an údar, is go gcluineann muid guthanna ó na Gaeltachtaí agus ó na breac-Ghaeltachtaí uilig.
Sorcha Ní Mhonacháin, Foinse, 28 Aibreán 2002
Is léiriú é an saothar seo ar “pholasaí oifigiúil forbartha an Stáit i leith na Gaeltachta”, dar le John. “Tá i bhfad níos mó i gceist le forbairt ná rátaí fáis amháin.” Sa tréimhse a bhaineann le tuarascáil an Choimisiúin ” bhí idéalú as cuimse déanta ar na ceantair Ghaeltachta. Faoi thús na ndaichidí bhí míréir iomlán polasaí idir forbairt gheilleagair agus chultúrtha. Bhí an dearcadh ann go fóill gurb í an Ghaeltacht fíorthobar na hÉireann ach ní raibh aon iarracht ann forbairt eacnamaíochta a dhéanamh san áit.” Tá samplaí i réamhrá an leabhair den easpa réadúlachta seo i leith na Gaeltachta a léiríodh sa Chlaidheamh Solais, áit a ndéantaí cur síos maoithneach aislingeach ar cheantar “a raibh an tóin tite as ó thaobh geilleagair de, a raibh na daoine ag streachailt leis an saol agus ráta ard imirce ann,” arsa John. Creideann sé nach mbeadh an Ghaeltacht sa tsáinn ina bhfuil sí inniu dá gcuirfí na moltaí i bhfeidhm sa tréimhse cinniúnach sin i stair eacnamaíoch na tíre. I measc na moltaí eile bhí, go gcuirfeadh an Roinn Oideachais téacsanna Gaeilge ar fáil agus go mbunófaí coláistí Gaeilge ullmhúcháin. Guth an phobail ata i gceist sa leabhar seo. “Is iad aighneachtaí na ndaoine ar labhraíodh leo i 1925 atá ann….”