IMLEABHAR 2
Ba é ceann de phrionsabail bhunaidh An Ghúim téacsleabhair agus leabhair ghinearálta a sholáthar do dhaltaí scoile is do lucht léitheoireachta na Gaeilge. Rinne an t-údar staidéar ar chomhfhreagras An Ghúim i gcomhaid oideachais sa Chartlann Náiisúnta i mBaile Átha Cliath mar chuid de mo thráchtas PhD Saothair Oideachais An Ghúim 1926 – 46 (2016), agus is é seo an dara imleabhar bunaithe ar an taighde sin. Ábhair a bhaineann le curaclam na scoile, cuir i gcás, eolaíocht is tíos, oideachas, saoránaíocht , spórt, na teangacha Clasaiceacha, tíreolaíocht, taisteal agus an nádúr, creideamh is stair a fhaightear sa leabhar seo. Tugtar ainm an bhunsaothar is an aistriúcháin, an dáta chomhfhreagrais, ainm an scríbhneora is an fhaighteora araon, chomh maith le hachoimre ar ábhar an chomhfhreagrais.