Leabhar neamh-fhicsin ina bhfuil cuntas tugtha ag beachaire neamhspleách as Rath Chairn i gCo. na Mí ar a shaol féin mar bheachaire. Tá meascán sa leabhar seo idir chuimhní cinn agus treoir maidir le coinneáil na mbeach in Éirinn, na modhanna a d’oibrigh le beacha dubha na hÉireann is na modhanna nár éirigh leo.